Comhairliúcháin
An tSraith Shinsearach
Tá forbairtí faoi lán seoil le tamall maidir le curaclam agus measúnú ag an tsraith shinsearach. Cuireadh clabhsúr leis an gcomhairliúcháin maidir leis na hábhair eolaíochta, na gearrchúrsaí agus maidir le corpoideachas.
Leis na tuarascálacha ar an gcomhairliúchán a léamh, téigh go dtí na leathanaigh a bhaineann leis an gcomhairliúchán ag an tsraith shinsearach.
Tá fáil i gcónaí ar dhréachtsiollabais agus ar ábhair spéisiúla eile ar leathanaigh an chomhairliúcháin.
Oideachas Luath-Óige agus Bunscoile
 Féach ar ár suíomh gréasáin faoi leith, mar ar féidir teacht ar phodchraoltaí físeáin de dhaoine cruthaitheacha, de ghairmithe, d’oideachasóirí, den lucht gnó agus lucht na meán. Tá a dhearcadh féin ag gach cainteoir faoi leanaí agus saol leanaí in Éirinn sa bhliain 2011 chomh maith leis na cineálacha bunscoileanna atá de dhíth orthu agus orainn araon. Ábhar machnaimh is ea na podchraoltaí agus muid ag tosú ar chéim spreagúil den obair atá ar bun chun curaclam comhtháite teanga a fhorbairt do bhunscoileanna . http://www.ncca.biz/children/ |
| |
Innovation happens: Classrooms as sites of changeCad í an uair dheireanach gur chuala tú trácht ar an nuálaíocht nach raibh sí luaite igcomhrá faoin ngeilleagair ach i gcomhthéacs cultúrtha agus na sochaithe? Ar rith sé riamh leat go mbíonn nuálaíocht le brath i seomraí ranga agus suíomhanna oideachais luathóige? Seo cuid de na ceisteanna atá á gcur i do láthair i bpáipéar agus i bhfíseán atá déanta ag an CNCM dar teideal Innovation Happens, a bhfuil sé mar aidhm acu scoileanna a chur san áireamh sa phlé agus sa chomhrá faoin nuálaíocht. Sé smaoineamh faoin nuálaíocht san oideachas atá mar phríomhfhócas san fhíseán agus sa pháipéar. Tá ceist ort ag tús gach cinn díobh, agus ba mhór againn do thuairimí fúthu a fháil – trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. |  |