Cuimsiú | Cuid lárnach d’obair na CNCM is ea an cuimsiú agus cineál oideachais atá cuimsitheach a chur chun cinn. Déanaimid ár ndícheall béim ar chuimsiú a neadú i ngach a ndéanaimid. Aibhsíonn an leathanach seo na réimsí mar a bhfuil béim ar leith ar fhéachaint chuige gur féidir leis an uile fhoghlaimeoir leas a bhaint as an oideachas. Alt um Éagsúlacht agus Cuimsiú; info@ncca (Eanáir 2008) |
 | Riachtanais oideachais speisialtaDíríonn obair an CNCM sa réimse seo ar na bealaí is fearr ar féidir le curaclam agus measúnú freastal ar riachtanais na ndaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu. Tá Creat Curaclaim forbartha againn do na scoláirí sin sa tsraith shóisearach a bhfuil riachtanais speisialta acu agus gur dócha nach dtabharfaidh siad faoi scrúduithe an Teastais Shóisearaigh. Foghlaim faoi anseo. Tá treoirlínte ar fáil le haghaidh múinteoirí daltaí faoi mhíchumas foghlama ginearálta agus daltaí sárchumais chun tacú le teagasc agus foghlaim daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu. Tuilleadh eolais |
 | Páistí faoi choimeád agus i scoileanna agus socruithe cúraimLe deireanas, chuamar i mbun oibre le scoileanna agus le socruithe eile a chuireann oideachas ar fhoghlaimeoirí faoi choimeád agus ar fhoghlaimeoirí a dteastaíonn ardtacaíocht agus ardchúram uathu. Féach an creat curaclaim a ceapadh le húsáid sna scoileanna agus sna socruithe seo. Tuilleadh eolais |
 | Oideachas idirchultúrthaAn éagsúlacht a chur chun cinn sa churaclam, mar aon le dúshlán a chur faoin gciníochas: treoirlínte do mhúinteoirí maidir le hoideachas idirchultúrtha i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ar fáil. Tuilleadh eolais |
 | An Béarla mar theanga bhreiseRéitíodh na hábhair seo le haghaidh múinteoirí daltaí bunscoile nach í an Ghaeilge ná an Béarla a dteanga dhúchais. Tuilleadh eolais |
 | Míbhuntáiste oideachasúilTá Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh (CSTS) dírithe go príomha ar scoláirí sa tsraith shóisearach (an chéad chuid den iar-bhunoideachas), a aithnítear go bhfuiltear i mbaol luathfhágála na scoile, gan an Teastas Sóisearach a chríochniú seans. Tá ráiteas cláir leasaithe i leith Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh (CSTS) ar fáil anois. Tuilleadh eolais. |