Oideachas Iar-Bhunscoile
Aistríonn formhór mór na ndaltaí ón mbunoideachas isteach san iar-bhunoideachas. Caithfidh daltaí trí bliana iar-bhunoideachais a chríochnú. Cuireann formhór na ndaltaí an tsraith shóisearach sin (íos-meánoideachas) i gcrích idir aois a 12 agus a 15. Téann siad ar aghaidh go dtí an tsraith shinsearach (uas-meánoideachas) ansin agus roghnaíonn siad as raon clár i gcaitheamh sraith dhá bhliain nó trí bliana. Cuimsíonn an tsraith shinsearach (uas-meánoideachas) aois a 15 go dtí a 18 de ghnáth.
Cineálacha scoileanna
Tá iliomad cineálacha iar-bhunscoileanna ann: meánscoileanna deonacha, gairmscoileanna, pobalscoileanna, coláistí pobail agus scoileanna cuimsitheacha. Cé go bhfuil struchtúr bainistíochta difriúil agus stair dhifriúil ag gach cineál scoile, tá neart tréithe coiteanna acu chomh maith. Leanann siad an curaclam atá leagtha síos ag an Stát agus tairgeann siad an dá scrúdú Stáit, an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. I ndeireadh na sraithe sóisearaí agus an sraithe sinsearaí a dhéantar na scrúduithe sin.
Doiciméid
Tá foramharc úsáideach ar an oideachas iar-bhunscoile agus ar an gcóras oideachais i gcoitinne sa leabhrán dar teideal: A Brief Description of the Irish Education System, arna fhoilsiú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.