An tionscadal 'FÓN'

 

Foghlaim Ón Nuatheicneolaíocht
Picture of mobile phones and keyboard

Tá an tionscadal FÓN ag baint triail as fóin póca agus ríomhairí i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge san Iar-bhunscoil, maraon le measúnú a dhéanamh uirthi.

Conas a úsáidtear na fóin phóca agus an comhrá ar líne?

Is féidir fóin a úsáid ar thrí bhealach éagsúla::

1. sceideal a shocrú chun stór focal a sheachadadh chuig daltaí ar SMS
2. comhrá dalta le dalta a éascú, a thaifeadtar le haghaidh an mhúinteora
3. freagraí daltaí ar cheisteanna a thaifead, sa chaoi is gur féidir leis an múinteoir rochtain a fháil orthu níos déanaí.

Baintear úsáid as na ríomhairí chun comhrá ar líne idir mic léinn a éascú. Déanann an múinteoir monatóireacht ar an suíomh seo. Logálann an mac léinn isteach sa chóras agus péireáltar é/í le duine anaithnid óna rang féin nó ó scoil eile. Déantar comhrá faoi tasc atá ainmnithe ag an múinteoir. Baintear úsáid as ábhar spreagtha chomh maith (m.sh. grianghraf nó físeáin).

Tá bealach isteach ag múinteoirí go suíomh slán ar líne. Is féidir leo éisteacht le freagra na mic léinn, aiseolas a thabhairt, comhrá gutha a leagan amach agus monatóireacht a dhéanamh ar dul chun cinn na mic léinn.

Tá comhéadan ar líne comhchosúil ag na mic léinn. Is féidir leo teacht ar a bhfreagraí agus a gcomhráite maraon le aiseolas an mhúinteora. Is féidir leis na mic léinn éisteacht le freagraí samplacha, breathnú ar théacsanna agus logáil isteach sa suíomh ar líne chun comhrá ar líne a chothú.

Picture of project phone with Irish SMS


MALL agus FÓN - foilseacháin agus acmhainní

MALL project report (2007) (PDF, 204KB)
FÓN project report (2009) (PDF, 3.3MB)
FÓN project report (2010) (PDF, 343KB)

BÍP...;
Alt as info@ncca (Meán Fómhair, 2007)
Tionscadal FÓN
: Alt as info@ncca (Aibreán, 2009)
Tionscadal FÓN: Rath agus gradam
: Alt as info@ncca (Feabhra, 2010)

FÓN Podcast
: Listen to an interview between Katrina Keogh, NCCA, and John Hurley, TeachNet, on the FÓN project
Léigh san Irish Independent faoi MALL

Naisc ghaolmhara

Blag FÓN
Foras na Gaeilge
An Lárionad Náisiunta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE)