Athchothromú siollabas ábhair

Mar chuid dá athbhreithniú leanúnach ar an tsraith shóisearach, tá an CNCM ag déanamh athchothromaithe ar shiollabais an Teastais Shóisearaigh chun
- forualach in ábhair agus forluí idir ábhair a laghdú
- tuilleadh spáis agus ama a sholáthar don chineál rannpháirtíochta foghlama ar mhian le múinteoirí a bheith ann idir na daltaí agus iad féin.
Is éard a bhí i gceist le hathchothromú ná:
- gach siollabas a athscríobh de réir teimpléid coitinn
- torthaí foghlama a scríobh i gcás gach siollabais
- an siollabas a thabhairt cothrom le dáta agus aon fhorluí neamhriachtanach a bhaint amach
- gach siollabas a ailíniú le hathruithe i gCuraclam na Bunscoile agus le haon athruithe san Ardteistiméireacht
- mionathruithe a dhéanamh maidir le measúnú.
Tá cúig ábhar cothromaithe go dtí seo agus b'ábhar comhairliúcháin iad i 2008: Béarla; Ceol; Eacnamaíocht Bhaile; Ealaín, Ceardaíocht, Dearadh; agus Stair. Íoslódáil bileog (pdf 76k)
Na siollabais athchothromaithe
Tá leathanach gréasáin ann le haghaidh gach siollabas athchothromaithe. Cliceáil ainm an ábhair chun leathanach an ábhair sin a fháil.
Tá tuairisc comhairliúcháin i gcomhair gach ábhar athchothromaithe ar fáil ag gach ceann de na naisc thíos.
Tá athchothromaíocht ar seacht n-ábhar eile faoi bhun againn: Staideár Gnó, Léann Clasaiceach, Eolas Imshaoil agus Daoneolas, Gaeilge, Tíreolaíocht, Oideachas Reiligiúnach agus Grafaic Theicniúil. Rachaimíd i gcomhairle leat go luath i dtaobh na hábhair sin. Coinnigh súil ar an leathanach seo chun eolas chun dáta a fháil!
Iarrtar ort a thabhairt ar aird gur i bhfoirm dréachta atá na siollabais athchothromaithe seo agus gur chun críocha comhairliúcháin a ceapadh iad. Níl aon athrú ar na siollabais atá anois ann agus tá siad le fáil ag www.education.ienó de rogha air sin ar roinn curriculumonline láithreán Gréasáin na Comhairle. Chun an t-eolas is déanaí a fháil ar an topaic seo agus ar réimsí eile de ghníomhaíocht na Comhairle, liostáil do info@ncca.
Doiciméadú
Report on the rebalanced syllabuses consultation
An Teastas Sóisearach a athchothromú; Alt ó info@ncca (Eanair 2009)
Príomhscileanna; Alt ó info@ncca (Eanair 2009)
Eolas faoi athruithe; Alt ó info@ncca (Aibreán 2008)