Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh

 

Tar éis céim phíolótach, tugadh isteach Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh i scoileanna sa bhliain 1996. Ó shin i leith, cuireadh an clár ar fáil, ar bhonn céimneach, i ngach iar-bhunscoil atá páirteach sa tionscnamh Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (DEIS). Cé gur in iar-bhunscoileanna is mó atá CSTS ar siúl, tá sé á thairiscint freisin i roinnt Scoileanna Speisialta, Scoileanna Coinneála Leanaí, Ionad Oiliúna don Lucht Siúil agus Tionscadal Comhchaidrimh don Ógra. Tá CSTS dírithe ar dhaltaí a bhfuil an baol ann go dtréigfidh siad an scoil go luath, ach fuarthas go raibh an clár úsáideach freisin chun dul i ngleic le riachtanais oideachais eile. Deis atá sa chlár do scoileanna agus do mhúinteoirí araon cur chuige solúbtha a úsáid i leith an teagaisc agus na foghlama i gcomhthéacs churaclam na sraithe sóisearaí. 

Sa ráiteas cláir tá breac-chuntas ar a bhfuil i gceist le CSTS, ar a ábhar agus ar an bpróiseas a úsáidtear chun daltaí a roghnú le bheith páirteach sa chlár. Tugtar tús áite sa chlár do bhéim a leagan ar fhoghlaim ghníomhach agus ar fhorbairt bunscileanna. Breithnítear na príomhghnéithe atá i gceist le CSTS a eagrú ar leibhéal na scoile, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann le pleanáil, bunú foirne, agus ról an chomhordaitheora. Tá cur síos freisin ar phríomhghnéithe an chórais chun daltaí a phróifíliú. Sna cás-staidéir tá eiseamláirí den dea-chleachtas i scoileanna – cás-staidéir a forbraíodh i gcomhar le scoileanna agus múinteoirí atá i mbun CSTS.

Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh (CSTS).pdf (size 1.5 MB)

Clar Scoile an Teastais Shóisearaigh

 Cá n-úsáidfear an Ráiteas Cláir?

Féadtar an ráiteas cláir a úsáid in aon suíomh oideachais. Beartaíodh go mbeadh sé in úsáid ag lucht bainistíochta scoile, ag comhordaitheoirí agus ag múinteoirí agus ba chóir go mbeadh fáil ag réimse daoine eile air – daoine atá rannpháirteach go díreach in oideachas daltaí, tuismitheoirí san áireamh, Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS), Treoirchomhairleoirí, agus comhordaitheoirí Teagmhála Baile is Scoile.

 Struchtúr an Chláir

Daltaí a leanann Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh, caithfidh siad cúrsa an Teastais Shóisearaigh sa Bhéarla agus sa mhatamaitic a ghlacadh mar aon le cúrsa oiriúnach sa Ghaeilge. Caithfear gach dalta sa chlár a chur isteach ar scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Déanann na daltaí na cúrsaí céanna is a dhéanann a bpiaraí sna hábhair scrúduithe atá roghnaithe acu. Moltar do na daltaí spriocanna foghlama gearrthéarmacha a bhaint amach laistigh den chlár sna hábhair scoile agus ar fud an churaclaim i dtreo saindearbhuithe eolais, cumais agus scileanna a bheadh ag teacht le haidhmeanna agus cuspóirí na sraithe sóisearaí. Bunaítear córas prófíle daltaí scoilbhunaithe ar bhonn na ndearbhuithe sin.

Glacann na daltaí scrúdú an Teastais Shóisearaigh sa Bhéarla agus sa mhatamaitic agus sna hábhair scrúdaithe eile a roghnaigh siad. Le cois a dTeastais Shóisearaigh faigheann daltaí gradam breise bunaithe ar an bpróifíl dalta, arna bailíochtú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Tá an CNCM ag déanamh athbhreithniú ar Chlár Scoile an Teastais Shóisearaigh faoi láthair mar chuid dá n-athbhreithniú ginearálta ar an tsraith shóisearach.

Naisc ghaolmhara

Seirbhís Tacaíochta CSTS
Aonad Forbartha Curaclaim
An Teastas Sóisearach
Athbhreithniú na Sraithe Sóisearaí