Go luath in 2002, mar pháirt d’athbhreithniú na sraithe sóisearaí, choimisiúnaigh an CNCM an tIonad Taighde ar Pholasaí Oideachais na hInstitiúide um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) chun staidéar a dhéanamh ar eispéiris dhaltaí sa churaclam sa chéad trí bliana dá scolaíocht iar-bhunscoile. Lorgaíonn an taighde léargais a sholáthar ar an dóigh is fearr chun aistriú séimh a chinntiú do dhaltaí ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil, an dóigh chun iad a spreagadh chun a bheith bainteach sa scoil agus taitneamh a bhaint as, agus an dóigh le dúshlán a chur orthu maidir lena n-acmhainn iomlán a réadú sna trí bliana den tsraith shóisearach. Tá an taighde i dtrí chéim a fhreagraíonn do gach bliain den tsraith shóisearach.
 | Féach ar fhíschraoladh ina bpléann an Dr Emer Smyth, taighdeoir de chuid ITES, gnéithe éagsúla den taighde a rinneadh thar tréimhse trí bliana ag www.lds21.ie. Freagraíonn sí ceisteanna leithéidí seo: - an ionann gach scoil? (01.05 nóim.)
- cumais mheasctha nó sruthú: cad a deirtear sa taighde? (02.29 nóim.)
- ábhair a roghnú/sampláil ábhar; an éiríonn leis? (01.47 nóim.)
Tá na giotaí físe i mBéarla.
|
Céim 1
Bhain an chéim seo den taighde le suirbhé poist de gach príomhoide iar-bhunscoile go luath in 2002 agus grinnstaidéar de shampla ionadaíoch de 12 scoil cás-stáidéir a rinneadh idir Meán Fómhair 2002 agus Bealtaine 2003. Chuimsigh an pháirt den staidéar a bhí scoilbhunaithe agallaimh leis na daltaí, múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoirí. Agus an ról fíorthábhachtach a bhíonn ag an gcéad bliain agus tionchar na roghanna ábháir in oideachas dalta, rinneadh cinneadh fócas ar aistriú a chuimsiú mar pháirt den staidéar agus breathnú ar an gcineál soláthair curaclaim is fearr a chinntigh go mbeadh aistriú séimh agus oideachas den scoth sa tsraith shóisearach. Tháinig a lán ceisteanna tábhachtacha as an staidéar a chuirfidh athbhreithniú leanúnach na CNCM ar an tsraith shóisearach ar an eolas. Áirítear leo:
- na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag neamhleanúchasan churaclaim (idir bunscoil agus iar-bhunscoil) ar dhul chun cinn acadúil na ndaltaí i rith na chéad bhliana.
- tionchar cultúir neamhfhoirmiúil na scoile, go háirithe an caidreamh idir múinteoirí agus daltaí, ar chomhtháthú daltaí, agus an laghdú i ‘dúil sa scoil’ i measc daltaí i scoileanna a bhfuil béim lag iontu maidir le comhtháthú
- buntáistí chur chuige a ligeann do dhaltaí raon d’ábhair a dhéanamh mar ‘bhlastóirí’ roimh ábhair a roghnú don Teastas Sóisearach
- an leibhéal measartha íseal suime ag daltaí maidir le Gaeilge, Béarla, Matamaitic agus Nua-Theangacha Eorpacha i gcomparáid le hábhair níos praiticiúla cosúil le hÁbhair Teicneolaíochta (Adhmad), Corpoideachas, Ealaín, TF agus Eolaíocht
- an tábhacht a bhaineann le curaclam leathan agus cothrom a thairg a chuimsíonn raon ábhar atá níos praiticiúla ina mbíonn daltaí rannpháirteach agus a sholáthraíonn rath luath do na daltaí nach bhfuil chomh hadacúil.
- an bhuairt atá léirithe ag os cionn 40% de mhúinteoirí go bhfuil an chéad bhliain den churaclam mí-oiriúnach do dhaltaí le hinniúlacht níos ísle, agus na deacrachtaí a bhraith múinteoirí agus iad ag iarraidh an curaclam a chlúdach san am a bhí ar fáil
- an ionchur dearfach ó ghrúpaí le hinniúlacht mheasctha ar fhoghlaim na ndaltaí agus na hiarmhairtí diúltacha ó shrúthú daltaí sna sruthanna uachtaracha agus íochtaracha
- an tábhacht atá le taca luathshonraithe do dhaltaí ‘i mbaol’ chun cuidiú leo déileáil le rudaí acadúla agus sóisialta agus chun teip luath agus neamhthairiseacht a chosc.
Chomhfhoilsigh an CNCM agus an ITES tuarascáil ar thaighde dar teideal Moving Up, The Experiences of First-Year Students in Post-Primary Education in 2004. Mar fhreagairt thosaigh ar thuarascáil ITES, d’fhoilsigh agus leithdháiligh an CNCM an leabhar Moving Up a leagann amach príomhthorthaí agus príomh-mholtaí an taighde. Díríonn an leabhrán ar na torthaí sa taighde is mó a bhí bainteach le heagrú clár ionduchtaithe i scoileanna, pleanáil churaclaim agus tacaíocht a thabhairt do dhaltaí ag a mbíonn deacrachtaí áirithe acu in aistriú. Leanann sé le heolas úsáideach a chur ar fáil do mhúinteoirí agus scoileanna, agus do thuismitheoirí daltaí atá ar tí, nó atá i ndiaidh a aistriú go dtí iar-bhunscoil.
Céim 2
Breathnóidh an dara céim de thaighde ITES, atá beagnach críochnaithe, ar eispéiris dhaltaí an dara bliana. Tá an pháirt seo den taighde tacaithe ag Aonad Cothroime Inscne na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
Céim 3
Tá an tuairisc taighde tríú bliana, dar teideal Gearing up for the Exams (arna fhoilsiú ag The Liffey Press chomh maith) bunaithe ar dhá chéim de bhailiú sonraí. Bailíodh an chéad sraith sa tréimhse Eanáir go Márta 2005, cúpla mí sula ndearna an 900 dalta sna scoileanna sa chás-staidéar an Teastas Sóisearach. Chuir sé sin ar chumas na dtaighdeoirí féachaint ar na hathruithe i ndearcthaí na ndaltaí de réir mar a chuaigh siad isteach sa tríú bliain, an chaoi a ndeachaigh siad i ngleic leis an gcuraclam agus a dtaithí air agus ar an bpróiseas foghlama, agus a ndearcthaí i leith obair bhaile agus staidéir. Rinneadh anailís chomh maith ar ionchais agus ar thuairimí na ndaltaí maidir le scrúdú an Teastais Shóisearaigh a bhí ag druidim leo.
Níos tábhachtaí ná aon rud eile, lean an staidéar ar aghaidh i ndiaidh Meitheamh 2005, agus bailíodh an dara sraith sonraí ionas go bhféadfaí feidhmiú na ndaltaí i scrúdú an Teastais Shóisearaigh a anailísiú. Ina theannta sin, i gcéim amháin den taighde breithníodh na roghanna a bhí ar fáil do na daltaí ag an tsraith shinsearach, na roghanna a rinne siad agus na tuairimí luatha a bhí acu mar gheall ar na hábhair a roghnaigh siad. Tá achoimre ar an tuarascáil agus tráchtaireacht na CNCM ar an taighde ar fáil le híoslódáil thíos.
Doiciméadú
Tuarascáil achoimre (le haghaidh na tri bliana)
Junior Cycle Education: Insights from a Longitudinal Study of Students (ESRI Research Bulletin 2009/4/1) (PDF 98KB)
An Chéad Bhliain
Ag Gluaiseacht Suas: Eispéiris Dhaltaí na Chéad Bhliana san Iar-Bhunoideachas (Bealtaine 2004)
NCCA commentary on ESRI research into curriculum provision and school integration among first year students (March 2004)
An Dara Bliain
Pathways through junior cycle - the experiences of second year students (May 2006)
ESRI Report on the experiences of second year students. Summary. (May 2006)
An Tríú Bliain
NCCA summary and commentary on ESRI research into the experiences of third year students (Sept 2007)