Athbhreithniú ar Theangacha san Iar-Bhunoideachas

 

Tá obair sa Ghaeilge, sa Bhéarla, san Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus sa Spáinnis i gceist i gcéim reatha an athbhreithnithe ar theangacha san iar-bhunscoil.

Béarla agus Nuatheangacha na hEorpa

Beidh na siollabais sa Bhéarla, Ghaeilge, Fhraincis, Ghearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis mar chuid den chomhairliúchán faoin tSraith Shinsearacha bheidh ar siúl in 2012.


An Ghaeilge san athbhreithniú

Ar iarratas an Aire Oideachais agus Scileanna, tá athbhreithniú ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta beartaithe ag an CNCM, ina ndéanfar meastóireacht ar na hathruithe ar na marcanna i gcomhair scrúdú cainte na scrúduithe Ateistiméireachta a tugadh isteach le déanaí, agus ar na leasuithe a ndearnadh ar Shiollabas Gaeilge an Teastais Shóisearaigh agus ar Shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta a d’eascair as na hathruithe sin.

Bíonn ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chuid de chláir an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta sna scoileanna. Is í an Ghaeilge an t-aon ábhar a chaithfidh scoláirí a dhéanamh staidéar uirthi mar chuid de chlár Bunaithe na hArdteistiméireachta.

Tuilleadh eolais faoi fhorbairtí sa Ghaeilge.


Cúlra an athbhreithnithe ar theangacha san iar-bhunscoil

Cuireadh tús leis an athbhreithniú in 2003, nuair a foilsíodh plécháipéis Teangacha sa Churaclam Iar-Bhunoideachas: Plécháipéis.

Tuilleadh eolais faoi chúlra an athbhreithnithe