Is tionscnamh curaclaim é Tionscadal Mata lena mbaineann athrú ar an siollabas, measúnú, agus múineadh is foghlaim na matamaitice san iar-bhunoideachas. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh feabhas a chur ar na caighdeáin mhatamaitice, agus leathnú a dhéanamh ar an meon i leith na matamaitice .i. an t-ábhar ina iomláine lena n-áirítear giniúint smaointe, samhaltú, taiscéalaíocht na matamaitice, tuairimíocht thomhaiste, plé mhatamaiticiúil agus fadhbréiteach, ionas go bhfoghlaimeoidh na scoláirí mata a bhfuil baint aici lena saolta, a gcuid oibre agus lena staidéar breise . Ina theannta sin, féadfaidh siad a gcuid scileanna mata agus a n-eolas matamaitaiciúil a chur i bhfeidhm i gcúinsí nua. Faoi láthair tá gach scoláire sa chéad bhliain agus sa chúigiú bliain ag leanúint cúig shnáithe uilig an tsiollabais nua. |