Tástáil Chaighdeánaithe

 
Bileoga na dtuismitheoirí  Uirlis anailíse do scoileannaTuilleadh eolais

Trialacha caighdeánaithe

Úsáidtear triail chaighdeánaithe le scileanna léitheoireachta agus matamaitice páiste a thomhas, agus le dul chun cinn páistí sna réimsí sin a mheas. Tá an t-eolas a fhaightear as na trialacha tábhachtach mar go mbíonn ról ríthábhachtach ag litearthacht agus ag uimhearthacht i ndáil le rochtain iomlán páiste ar an gcuraclam.

De réir an Roinn Oideachais agus Scileanna (Ciorclán 0056/2011) tá iachall ar gach bunscoil trialacha caighdeánaithe a chur ar dhaltaí.Tá na socruithe maidir le trialacha caighdeánaithe leagtha amach anseo.

  • Ceanglófar ar scoileanna a mhúineann trí Bhéarla trialacha caighdeánaithea chur chun feidhme sa léitheoireacht Bhéarla agus sa Mhatamaitic le linn na tréimhse Bhéaltaine/Meitheamh i gcás gach dalta i rang 2, i rang 4 agus i rang 6 le héifeacht ó 2012 i leith.

  • Ceanglófar ar scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge trialacha caighdeánaithea chur chun feidhme sa léitheoireacht Ghaeilge, sa sa léitheoireacht Bhéarla agus sa Mhatamaitic le linn na tréimhse Bhéaltaine/Meitheamh i gcás gach dalta i rang 2, i rang 4 agus i rang 6 le héifeacht ó 2012 i leith.

Ábhair tacaíochta

Bileoga na dtuismitheoirí
tg

Mínítear na bileoga míniúcháin do thuismitheoirí dar teideal Do Leanbh agus Thrialacha Caighdeánaithe an chiall atá le scór ar thriail chaighdeánach agus freagraítear chomh maith cuid de na ceisteanna is coitianta faoin thrialacha caighdeánaithe. Tá bileoga ar leith maidir le scóir Sten agus scóir chaighdeánacha ar fáil i réimse teangacha.

De réir an Roinn Oideachais agus Scileanna (Ciorclán 0056/2011) ba cheart do scoileanna cóipeanna de bhileoga míniúcháin a chur ar fáil agus na tuairiscí i scribhinn á n-éisiúint acu chuig tuismitheoirí.

 

Uirlis anailíse do scoileanna
g2

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) a d’fhorbair an uirlis seo do scoileanna. Tá sé an-éasca í a úsáid chun anailís a dhéanamh ar thorthaí na dtrialacha caighdeánaithe. Léirítear na scóir mar ghraif, rud a chuideoidh leis an bhfoireann scóir uile na scoile a phlé agus cinntí a dhéanamh chun iad a fheabhsú más gá.

Seo nasc chuig an uirlis anailíse ar suíomh gréasáin an PDST.

 

Tuilleadh eolais
con2Léigh a thuilleadh faoi thrialacha caighdeánaithe agus mar a úsáideann múinteoir iad mar mhodh amháin i rogha modhanna chun dul chun cinn páistí a mheas. Giota as Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte to Scoileanna (2007) is ea é.

 

Áiseanna le híoslódáil agus Naisc Ghaolmhara

Ag Tacú le Measúnú: Trialacha Caighdeánaithe i mBunscoileanna, Imlitir 0018/2012. An Roinn Oideachais agus Scileanna, (2012) (PDF, 270KB)
Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna (2007)
Assessment in the Primary School Curriculum: Guidelines for Schools (2007) BROWSABLE VERSION
Advice on Standardised Testing in Compulsory Schooling (2005) (PDF,225 KB)
An Roinn Oideachais agus Scileanna, Ciorclán 0056/2011 (PDF, 179KB)