Cúlra
Cuireadh an CNCM ar bhonn reachtúil in 2001. Roimhe sin, eagraíocht neamhreachtúil ba ea í, ar feadh os cionn 20 bliana. Léigh faoi stair na heagraíochta in alt as info@ncca, Eanáir 2008 CNCM: 20 bliain ag fás (PDF, 275KB)
Fís agus misean
Leagtar amach fís an CNCMamach inár bPróiseas Pleanála Straitéisí le haghaidh 2012 - 2015:
Treoir a sholáthar d'fhorbairtí nuálacha san oideachas ar mhaithe le maireachtáil, foghlaim agus dul i mbun oibre i ndomhan atá ag athrú.
Is é bunchuspóir na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta:
- comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna i dtaobh cúrsaí curaclaim agus measúnachta san oideachas luathóige anonn go dtí deireadh an dara leibhéil.
- dul i bpáirt le foghlaimeoirí, múinteoirí, cleachtóirí, tuismitheoirí agus grúpaí/daoine eile chun tacú le nuáil sna scoileanna agus i suíomhanna oideachais eile
- taighde a dhéanamh, a úsáid agus a roinnt mar bhonn le comhairle agus plé ar chúrsaí oideachais.
Spriocanna Straitéiseacha
Sa Phlean Straitéiseach don tréimhse 2012-2015 leagtar amach sé Sprioc Straitéiseach.
1. Forbairt an Churaclaim agus na Measúnachta
Cineálacha cur chuige nuálacha a cheapadh i leith cúrsaí curaclaim agus measúnachta ar mhaithe le rannpháirtíocht, forchéimniú, cáilíocht, cuimsitheacht agus leanúnachas idir na hearnálacha ar fad
2. Comhpháirteachas agus líonraí ar mhaithe le nuáil
Dul i mbun oibre le scoileanna, le múinteoirí, le cleachtóirí agus le foghlaimeoirí chun an cumas chun athrú a neartú agus chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an churaclaim agus na measúnachta agus faoina feidhmiú
3. Eolas agus taighde
Eolas agus taighde a ghiniúint, a úsáid agus a roinnt ar mhaithe le comhairle a cheapadh agus cleachtas a fhorbairt i dtaca le cúrsaí curaclaim agus measúnachta i scoileanna agus i suíomhanna oideachais eile
4. Caidreamh straitéiseach
Tógáil ar an gcaidreamh straitéiseach atá ann cheana agus caidreamh nua a fhorbairt chun tacú le forbairt agus feidhmiú curaclaim agus measúnachta agus chun naisc a chothú idir ghnéithe de.
5. Próifíl agus cumarsáid
Obair agus rud atá bainte amach ag an gComhairle a chur in iúl, a chur i láthair agus a roinnt chun feabhas a chur ar phróifíl na heagraíochta agus chun rannpháirtíocht ina cuid oibre a chothú
6. Éifeacht agus rialachas na heagraíochta
Struchtúir, próisis, scileanna agus inniúlachtaí rialachais agus eagraíochtúla na Comhairle a fhorbairt, chun an fhís a bhaint amach ar shlite nuálacha.
Íoslódáil cóip den Phlean Straitéiseach 2012-2015.