Podchraoltaí
Fáilte romhat go podchraoltaí na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Tá comhaid fuaime faoi na hábhair thíos ar fáil mar phodchraoltaí faoi láthair, agus táimid ag súil le cur le líon na bpodchraoltaí sna míonna romhainn.
Braitheann an luas ar a seinnfear na comhaid fuaime ar cé chomh tapa agus chomh cumhachtach is atá do cheangal leis an idirlíon. Tiocfaidh siad mar shruth a thapa is atá ar chumas do cheangail. Is féidir na comhaid a ÍOSLÓDÁIL freisin, chun éisteacht leo ar ball. Féách an nasc 'Download Audio' ar gach ceann acu.
Más mian leat liostáil chun podchraoltaí uile an CNCM a fháil saor in aisce mar a fhoilsítear iad, tá dhá nasc ar gach leathanach chun é sin a dhéanamh - tríd iTunes nó RSS. (Iad siúd atá ag úsáid Internet Explorer chun an t-idirlíon a bhrabhsáil, má roghnaíonn siad RSS Feed feicfidh siad leathanach ar a mbeidh liosta de na podchraoltaí, agus nasc 'Subscribe to this feed' ag bun na meirge eolais. Cliceáil air sin agus cuirfear podchraoltaí an CNCM leis na socruithe RSS Feed atá socraithe agat i do bhrabhsálaí).