- Faoin CNCM
- Faoin CNCM
- An Luath-Óige
- An Luath-Óige
- Bunscoil
- Bunscoil
- An tSraith Shóisearach
- An tSraith Shóisearach
- An tSraith Shinsearach
- An tSraith Shinsearach
- Nuacht
- Nuacht
- Foilseacháin & Taighde
- Foilseacháin & Taighde
- Comhairliúcháin
- Teagmháil
Nuashonruithe maidir le tuairisciú deireadh na bliana
Chuaigh CNCM i gcomhairle le múinteoirí agus eagraíochtaí le déanaí chun feabhas a chur ar an réimse ábhar agus tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do scoileanna le linn shéasúr thuairisciú dheireadh na bliana. Tá trí theimpléad um thuairisciú dheireadh na bliana nua san áireamh do pháistí ó naíonáin shóisearacha go dtí rang a cúig, agus acmhainn físeáin nua do thuismitheoirí.
19 Bealtaine, 2022
Tá scoileanna in ann leas a bhaint as trí theimpléad thuairisciú dheireadh na bliana nua anois agus iad ag déanamh tuairiscithe ar fhoghlaim na bpáistí ó naíonáin shóisearacha go dtí rang a cúig. Cé gur féidir le múinteoir ar bith úsáid a bhaint as na teimpléid seo, forbraíodh iad le grúpa páistí ar leith agus a múinteoirí i gceist – páistí i mbunscoileanna agus scoileanna speisialta a fhaigheann cuidiú foghlama trí phleananna tacaíochta.
Tugann na teimpléid nua deis tuairisciú a dhéanamh ar riachtanais fhoghlama shainaitheanta éagsúla, cuspóirí nó spriocanna socruithe i gcaitheamh na bliana agus, go suntasach, cuireann siad béim ar cheiliúradh fhoghlaim gach páiste agus tugann siad deis do mhúinteoirí aird a tharraingt ar phríomhbhuanna dul chun cinn an pháiste i gcaitheamh na bliana. Is féidir teacht ar na teimpléid nua anseo.
Tá eolas luachmhar i dtuairiscithe deireadh na bliana maidir le foghlaim an pháiste i gcaitheamh na bliana agus déanann múinteoirí agus ceannairí scoile a seacht ndícheall é a léiriú i mbealach cothrom agus cuimsitheach. Chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí páirt fónta a ghlacadh le tuairisc dheireadh na bliana, d’fhorbair CNCM acmhainn físeáin nua a d’fhéadfadh a bheith úsáideach roinnt le tuismitheoirí mar chomhlánú le tuairisciú dheireadh na bliana. Cuireann an físeán seo béim ar a tábhachtaí a bhaineann le freastal ar an tuairisciú iomlán in ionad béim a chur ar thorthaí scrúdaithe caighdeánaithe. Tugann aiseolas ó mhúinteoirí agus ceannairí scoile le fios go gcuireann na torthaí sin isteach ar dhul chun cinn ginearálta an pháiste uaireanta i gcaitheamh na bliana. Is féidir an físeán a fháil anseo.