Baintear úsáid as fianáin ar ár suíomh gréasáin chun taithí níos fearr a thabhairt duit agus chun faisnéis a bhailiú ar cé mhéad duine a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin, cé na leathanaigh ghréasáin ar a dtugann siad cuairt agus cén fhad a fhanann siad orthu agus cé na físeáin is mó a bhfuil spéis acu féachaint orthu. Tabhair cuairt ar leathanach ár ráitis príobháideachais chun tuilleadh eolais a fháil ar fhianáin agus conas a úsáidimid iad.
Tá nuashonrú déanta ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige le haghaidh naíonán, lapadán agus leanaí óga. Rinneadh an Creat nuashonraithe a fhorbairt chun tacú le luathfhoghlaim agus luathfhorbairt ó bhreith an pháiste go dtí go dtosaíonn an páiste ar an mbunscoil.
Déantar ceiliúradh in Aistear ar an luath-óige mar thréimhse ina mbíonn an sult agus an fholláine i réim agus ina mbíonn an páiste ag foghlaim ó eispéiris de réir mar a thiteann siad amach agus is dúshraith thábhachtach é sin don fhoghlaim tráth níos faide anonn agus ar feadh an tsaoil. Tá gach a bhfuil ar eolas agat agus a dtuigeann tú faoi Aistear (2009) ábhartha i gcónaí sa nuashonrú ach cuimsítear sa Chreat nuashonraithe tuiscintí nua ar chearta na naíonán, na lapadán agus na leanaí óga, ar an inbhuanaitheacht agus feasacht níos doimhne ar ilchineálacht, cothromas agus ionchuimsiú.
Tá na Treoirlínte don Dea-Chleachtas mar thaca le Aistear. Déantar forbairt leis an Treoir ar na Treoirlínte don Dea-Chleachtas (CNCM, 2009) a bhí ann roimhe agus tacaítear le hoidí agus iad ag saothrú tuisceana ar choincheapa nua a tugadh isteach sa Chreat nuashonraithe agus ag dul i ngleic leo.
Tá Treoir Chleachtais Aistear Síolta á nuashonrú faoi láthair chun na hathruithe ar Aistear nuashonraithe a chur san áireamh. Idir an dá linn, ba cheart d’oidí luathbhlianta úsáid a bhaint as na hacmhainní reatha chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga.