Tá nuashonrú déanta ar Aistear: Chreatchuraclam na Luath-Óige

Fáilte curtha roimh na hAirí Norma Foley, agus Roderic O'Gorman

09 Nollaig, 2024

Tá nuashonrú déanta ar Aistear: Chreatchuraclam na Luath-Óige

Tá nuashonrú déanta ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige le haghaidh naíonán, lapadán agus leanaí óga. Rinneadh an Creat nuashonraithe a fhorbairt chun tacú le luathfhoghlaim agus luathfhorbairt ó bhreith go dtí go dtosaíonn an páiste ar an mbunscoil.

Déantar ceiliúradh in Aistear ar an luath-óige mar thréimhse ina mbíonn an sult agus an fholláine i réim agus ina mbíonn an páiste ag foghlaim ó eispéiris de réir mar a thiteann siad amach agus is dúshraith thábhachtach é sin don fhoghlaim tráth níos faide anonn agus ar feadh an tsaoil. Sa Chreat nuashonraithe cuimsítear tuiscintí nua ar chearta na naíonán, na lapadán agus na leanaí óga, ar an inbhuanaitheacht agus feasacht níos doimhne ar ilchineálacht, cothromas agus ionchuimsiú.