21 Deireadh Fómhair, 2024
Socruithe athbhreithnithe do MRBanna (2024-2025)
Cuireadh socruithe athbhreithnithe i bhfeidhm le haghaidh Measúnuithe Rangbhunaithe gach bliain ó tugadh ar scoileanna dúnadh de dheasca phaindéim Covid-19. Tá socruithe i bhfeidhm anois do scoláirí i gcohóirt 2022-25 agus 2023-26 na sraithe sóisearaí araon (.i. scoláirí sa dara agus sa tríú bliain den bhliain acadúil reatha, 2024-25). Leagtar amach sna socruithe sin na ceanglais don scoláire ó thaobh MRBanna atá le cur i gcrích le haghaidh gach ábhair, mar aon leis na paraiméadair ama a cheadaítear. Áirítear leo na dátaí deiridh chun MRB a chur i gcrích, tuairisceoirí sealadacha a bhronnadh, an cruinniú don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ) agus tuairisceoirí deiridh a bhronnadh. Is féidir na socruithe a fháil anseo ar shuíomh gréasáin CNCM.