Blaganna Aistear

#10: Transitions in Aistear

21 Bealtaine, 2025

Blaganna Aistear

Fáilte go dtí ár mblag deiridh sa tsraith seo ina mbreathnaímid ar aistrithe sa Chreat nuashonraithe. Ag teacht leis Na Chéad 5, an Straitéis Uile-rialtais chun an saol a fheabhsú do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh (2018), díríonn Aistear (2024) ar aistrithe chun tacú le foghlaim agus forbairt iomlánaíoch naíonán, lapadán agus leanaí óga. Is féidir an tábhacht a bhaineann le tuiscint a fháil ar Aistrithe a fheiceáil trí Phrionsabal nua maidir le haistrithe a cuireadh leis. Bíonn tábhacht ag baint le gach aistriú agus aithnítear gur próiseas é seo a thógann am seachas teagmhas aon uaire. Tá tuiscint ar aistrithe bunaithe ar íomhá mheasúil an naíonáin, an lapadáin agus an linbh óig agus cineáltas agus meas ar a bpeirspictíochtaí le linn tréimhsí athraithe agus úire. Tá an tuiscint sin le feiceáil freisin ar fud Aidhmeanna agus Spriocanna Foghlama na dTéamaí.

I measc na n-aistrithe tá athruithe móra amhail feighlí leanaí nua, ag tosú i suíomh luath-óige, ag bogadh seomraí nó ag tosú ar an mbunscoil nó ar scoil speisialta. Mar sin féin, i measc na n aistrithe freisin tá na gnáthrudaí laethúla amhail bogadh ó eispéireas foghlama amháin go heispéireas foghlama eile, bogadh ón taobh istigh go dtí an taobh amuigh, bogadh laistigh de ghnáthaimh laethúla na n athruithe clúidíní, amanna sosa agus béilí agus rud atá an tábhachtach, bogadh ón mbaile go dtí suíomh lasmuigh den bhaile.

Is féidir aistrithe a dhéanamh níos éasca do naíonáin, do lapadáin agus do leanaí óga nuair a bhraitheann siad sábháilte agus nuair atá daoine timpeall orthu a bhfuil cion agus aithne acu orthu. Leagann sé seo béim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige an phríomhtheagmhálaí agus an ról a imríonn an príomhtheagmhálaí chun cabhrú le gach naíonán, lapadán agus leanbh óg mothú sábháilte agus slán. Neartaíonn sé freisin a lárnaí is atá sé glacadh le hoideolaíocht mhall chaidreamhach chun an t-am agus an spás is gá a chruthú chun tacú le haistrithe. Tá bainistíocht thuisceanach na n-aistrithe go léir tábhachtach mar d’fhéadfadh go dtógfadh roinnt naíonán, lapadán agus leanaí óga níos mó ama ná a chéile chun dul i dtaithí ar athrú. Is cuid den saol iad aistrithe agus dá bhrí sin tá oideoirí airdeallach ar shruth suaimhneach, socair a chruthú trí na gnáthaimh laethúla chun cabhrú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga na scileanna riachtanacha a fhorbairt chun athrú a thuar agus déileáil leis.  

Is éard atá i gceist le tacú le haistrithe, idir bheag agus mhór, ná go n-oibreoidh gach duine le chéile. Tá sé ríthábhachtach comhthuiscint agus comhfhreagracht a fhorbairt idir teaghlaigh, feighlithe leanaí, oideoirí, suíomhanna agus scoileanna luathbhlianta. Nuair a bhíonn gach duine ag cumarsáid leis an naíonán, lapadán agus leanbh óg agus lena chéile, bíonn sé níos éasca déileáil leis an athrú. Ba cheart leas an naíonáin, an lapadáin agus an linbh óig a choinneáil i gcroílár gach cinnidh a dhéantar. Tá a fhios ag oideoirí luathbhlianta freisin an luach a bhaineann le bheith ag obair go comhoibríoch, nuair is cuí, le gairmithe oideachais eile. Is féidir leo a bheith ina bhfoinsí ríthábhachtacha faisnéise chun cuidiú leis an bpróiseas aistrithe a threorú.

Ceann de na haistrithe is mó a bhíonn ag leanaí ná an t-aistriú go bunscoil nó scoil speisialta. Chun tacú le leanaí an t-aistriú a dhéanamh óna suíomh luath-óige go dtí na Naíonáin Shóisearacha, tá Aistear agus Creatchuraclam na Bunscoile ailínithe chun tacú le leanúnachas soiléir eispéireas agus dul chun cinn foghlama do gach leanbh. Ciallaíonn sé sin go leanfaidh leanaí de bheith rannpháirteach le heispéiris shúgartha agus foghlama spraíúla, taobh istigh agus taobh amuigh, de réir mar a chuireann múinteoirí le heispéiris leanaí roimhe seo in Aistear. Is féidir le cothú caidreamh idir oideoirí luathbhlianta agus múinteoirí tacú le leanaí agus lena dteaghlaigh le linn an aistrithe seo. D’fhéadfadh comhroinnt faisnéise faoi fhoghlaim agus faoi fhorbairt linbh ar leith a bheith i gceist leis sin chun cabhrú le múinteoirí eispéiris mhealltacha, fhiúntacha a phleanáil a mbainfidh na leanaí taitneamh astu agus iad ag aistriú chuig an mbunscoil nó scoil speisialta.  

Éilíonn gach aistriú, mór agus beag, go n-úsáidfidh oideoirí a gcuid eolais agus scileanna chun an t-aistriú a dhéanamh chomh dearfach, taitneamhach agus éifeachtach agus is féidir do naíonáin, do lapadáin agus do leanaí óga.

Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.