21 Bealtaine, 2025
Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2
Tá forbairtí curaclaim ar Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 ar bun fós ar leibhéal na hiar‑bhunscoile. I mí Mheán Fómhair 2024, foilsíodh Cláir Foghlama na Sraithe Sinsearaí: Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 – Ráiteas Cláir in éineacht le sonraíochtaí le haghaidh Cumarsáide agus Litearthachta, agus le haghaidh Uimhearthachta. Ó shin i leith, rinneadh comhairliúchán ar thuilleadh modúl, Drámaíocht, Litríocht, Aire a Thabhairt do mo Thimpeallacht, Amharc-ealaín agus Cócaireacht ina measc. Maidir leis an tsraith shóisearach, tá comhairliúchán ar Aonad Foghlama Tosaíochta nuashonraithe, Ullmhú don Obair, díreach dúnta agus is ar an Aonad Foghlama Tosaíochta sin a chur i gcrích atá an bhéim anois.
Ba mhaith linn buíochas mór ó chroí a ghabháil leis na scoileanna ar fad – idir scoláirí, mhúinteoirí, thuismitheoirí agus cheannairí scoile – mar aon le páirtithe leasmhara agus freagróirí suirbhéanna, a bhí rannpháirteach sna comhairliúcháin ar an réimse tábhachtach seo. Bí ar an eolas is déanaí faoi fhorbairtí agus faoi fhoilseacháin amach anseo ar ár suíomh gréasáin.
Clár Foghlama Leibhéal 1 agus Clár Foghlama Leibhéal 2 | Curaclam Ar Líne