21 Bealtaine, 2025
Comhionannas i Saol Scoile Páistí (2019–2023) – Inscne, Imirce agus Eitneacht
Comhionannas i Saol Scoile Páistí (2019–2023) – Inscne, Imirce agus Eitneacht
Déantar cur síos mionsonraithe sna tuarascálacha ón staidéar Saol Scoile Páistí (CSL) ar eispéiris na bpáistí i mbunscoileanna na hÉireann. Áirítear leo trí thuarascáil ina gcuirtear béim ar théama an ‘Chomhionannais’ go sonrach. Tarraingítear aird san alt seo ar na príomhthorthaí ó dhá cheann de na trí thuarascáil sin – ‘The Impact of Gender’ (Tuarascáil 8b) agus ‘Migration and Ethnicity’ (Tuarascáil 8c) – agus tionchar na dtosca sin ar fhoghlaim, caidrimh, agus uaillmhianta na bpáistí.
Tuarascáil 8b ó CSL: The Impact of Gender
Léirítear sa tuarascáil seo roinnt éagothromaíochtaí ar bhonn inscne in eispéiris scoile na bpáistí, an méid seo a leanas ina measc:
- Tuairiscítear go mbíonn dearcthaí níos dearfaí ag cailíní i leith na scoile agus go n-éiríonn níos fearr leo sa litearthacht ná na buachaillí, ach is minic nach mbíonn féinmhuinín acadúil acu, go háirithe sa mhata.
- Tá steiréitíopaí inscne le brath fós i measc páistí, an tuairim gur ‘buachaillí maithe’ iad na buachaillí atá éirimiúil agus spórtúil, agus gur ‘cailíní maithe’ iad na cailíní atá cineálta agus díograiseach i leith na foghlama.
- Is iondúil go mbíonn uaillmhianta níos airde ag cailíní agus bíonn ionchais níos airde ag múinteoirí dóibh.
- Tuairiscítear go mbíonn ceangail níos láidre ag cailíní lena gcomhscoláirí i scoileanna cailíní agus go mbíonn níos lú bulaíochta i gceist, ach is minic a bhíonn ordlathas de réir geana i measc buachaillí i scoileanna buachaillí.
- Glacann múinteoirí sa chás-staidéar leis go bhfuil an comhoideachas níos ionchuimsithí agus níos cosúla leis an bhfíorshaol.
Tuarascáil 8c ó CSL: Migration and Ethnicity
Tarraingítear aird sa tuarascáil seo ar thionchar na himirce agus na heitneachta ar eispéiris na bpáistí:
- Is gnách do pháistí ar imircigh iad taitneamh a bhaint as an scoil agus muinín a léiriú i leith na foghlama, agus is ag na himircigh den dara glúin a bhíonn na huaillmhianta is airde don ardoideachas.
- Bíonn tionchar ag constaicí teanga ar litearthacht agus ar chomhtháthú sóisialta, agus tuairiscítear go mbíonn leibhéil imní níos airde agus leibhéal féinmheasa níos ísle ag páistí a bhfuil cúlraí níos boichte acu.
- Bíonn go leor scoileanna ag obair chun timpeallachtaí ionchuimsitheacha a chruthú, ach glacann páistí ar imircigh iad páirt i níos lú gníomhaíochtaí seach-churaclaim, rud a fhágann go bhfuil imní ann maidir lena n‑ionchuimsiú iomlán.
Cuirtear béim sa dá thuarascáil ar an ngá atá le timpeallachtaí ionchuimsitheacha scoile ina mbraitheann gach páiste go bhfuil meas orthu agus go dtacaítear leo, beag beann ar inscne nó cúlra. Téigh chuig cslstudy.ie le haghaidh tuilleadh léargas.