Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann

San eagrán seo de info@ncca, cuirimid aithne ar bheirt bhall foirne eile a oibríonn ar fhorbairtí curaclaim agus measúnaithe in CNCM. Foghlaim faoina gcuid scéalta, a gcuid paisean, agus na turais a thug iad go dtí an áit ina bhfuil siad sa lá atá inniu ann.

21 Bealtaine, 2025

Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann

An Dr Jacinta Regan, Stiúrthóir Curaclaim agus Measúnaithe


Thosaigh mé ag obair le CNCM in 2015 mar oifigeach tionscadail páirtaimseartha. Tar éis deich mbliana iontacha a chaitheamh mar mhúinteoir bunscoile i scoil atá i mbéal forbartha, ghlac mé ról lánaimseartha in 2018 mar Oifigeach Oideachais agus in 2022, ceapadh mar Stiúrthóir don Luath-Óige agus don Bhunscolaíocht mé. Dírím faoi láthair i mo chuid oibre ar réimse curaclaim na Folláine, a bhfuil Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte agus Corpoideachas mar chuid de. Tá suim mhór agam freisin san oideachas idirchultúrtha agus i súgradh mar oideolaíocht.

Sprioc mhór thábhachtach dom i mo ghairmréim ba ea mo dhochtúireacht a chur i gcrích in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2024. De bharr an éachta sin, leathnaíodh mo chuid tuisceana ar an oideachas agus tugadh léargais nua dom, rudaí a chuirim i bhfeidhm gach lá in CNCM. Leis an teagasc, cuireadh ar mo shúile na rudaí atá tábhachtach do pháistí agus na rudaí a oibríonn do mhúinteoirí, agus bíonn tionchar ag an dearcadh teagmhálach praiticiúil sin ar an gcaoi a dtugaim faoi gach cuid den obair.

Is é an rud is mó a thaitníonn liom faoin obair a dhéanaim in CNCM ná an deis chun díriú isteach ar thaighde agus chun bheith ag obair go dlúth le múinteoirí agus páistí i réamhscoileanna, bunscoileanna, agus scoileanna speisialta na tíre. Is breá liom go dtugtar deis dom sa ról seo a bheith ag obair in éineacht le daoine atá an-iontach go deo.

Is as Ros Comáin mé ó dhúchas ach táim i mo chónaí faoi láthair i dTuaisceart Mhaigh Eo le m’fhear chéile agus ár mbeirt pháistí, atá cúig bliana agus aon bhliain d’aois. Nuair nach mbím ag obair, is maith liom a bheith amuigh faoin aer – ag siúlóireacht, ag dul go dtí an trá, ag imirt peile, nó lámh chúnta a thabhairt mar chúntóir feirmeora caorach fiú!

Is spreagadh mór do mo chuid oibre é tuairim an oideachasóra Nell Noddings: “Tá an scoláire i bhfad níos tábhachtaí ná ábhar an ranga”. Leis an bhfírinne bhunúsach sin, cuirtear an fáth a ndéanaimid an obair seo i gcuimhne dom – agus cé dó a bhfuilimid á déanamh.

---------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Arlene Forster, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Is cuimhneach liom nuair a bhí mé an-óg fiú go mbínn ag iarraidh a bheith i mo mhúinteoir bunscoile nuair a d’fhás mé aníos. Tar éis dom an Ardteistiméireacht a chur i gcrích trí mheán na Gaeilge, thug mé faoi chéim Baitsiléara san Oideachas maille le heolaíocht i gColáiste an tSrutháin Mhilis in Ollscoil na Banríona. Le linn bhlianta tosaigh mo ghairme, d’oibrigh mé i scoileanna i Muineachán, Tír Eoghain agus Baile Átha Cliath mar ar mhúin mé na ranganna uile agus ar chomhordaigh mé ceol, eolaíocht agus mata ar leibhéal na scoile. Trí na róil agus comhthéacsanna scoile éagsúla sin, d’fhoghlaim mé ó mhúinteoirí, ceannairí scoile agus páistí inspioráideacha. Is éard a thaispeáin an taithí sin dom ná a thábhachtaí atá sé go gcuireann an curaclam eispéiris foghlama ar fáil atá leathan, cothromaithe agus fiúntach sa chaoi is gur féidir le páistí a gcuid láidreachtaí agus ábhar spéise a fhiosrú agus a fhorbairt le linn dóibh eolas, tuiscint agus scileanna bunúsacha a fhorbairt san am céanna.

Ba í an spéis éiritheach a bhí agam i gcúrsaí ceannaireachta oideachas a d’fhág gur thug mé faoi staidéar iarchéime sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus go raibh mé bainteach le cúrsaí meáncheannaireachta ar scoil. Thug mo chuid staidéir chomh fada le CNCM mé ar deireadh thiar, mar ar oibrigh mé mar Oifigeach Oideachais, Stiúrthóir, Curaclam agus Measúnacht, agus Leas-Phríomhfheidhmeannach. Trí na róil sin, bhí deiseanna agam le bheith i gceannas ar réimsí ar nós oideachas luath-óige, athbhreithniú curaclaim, measúnú, matamaitice agus eolaíochta.

Rinneadh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar CNCM díom i mí na Samhna 2020. Agus é fréamhaithe i gcúrsaí taighde, rannpháirteachas dlúth le scoileanna agus suíomhanna, comhairliúchán poiblí agus comhoibriú, cuireann ár gcuid oibre forbartha curaclaim i gcuimhne dom de shíor an teachtaireacht chumhachtach a bhí ag Dewey nach amhlaidh is ullmhú don saol atá san oideachas, ach gurb é an saol féin é. Bítear ag súil le cuid mhór ón gcuraclam, agus seans go mbítear ró-uaillmhianach ina leith fiú. Agus mé ag obair le comhghleacaithe tréitheacha meáite, is é atá mar threoir agam a thábhachtaí atá sé go gcuimsíonn an curaclam gach páiste agus duine óg; go mbíonn sé ábhartha, tarraingteach agus dúshlánach mar is cuí; agus go leagtar síos ionchais arda ann do chách. Fágann sé sin go mbíonn an obair dúshlánach, go gcuirtear ina héadan go minic, ach go mbíonn sí fíorspéisiúil agus ríshásúil.

Is as an gCrios Droimníní i gContae Mhuineacháin ó dhúchas mé, ach táim ag cur fúm i gContae na Mí anois le m’fhear céile agus ár mbeirt ghearrchailí. Mar chaitheamh aimsire, is breá liom a bheith ag taisteal agus is malartóir tí mé agus taithí na mblianta agam ina thaobh. Níos gaire don bhaile, taitníonn liom a bheith ag siúl, ag fánaíocht agus ag garraíodóireacht, agus i láthair na huaire tá lámh agam i gcúrsaí HYROX, rud atá go hiontach chun sos a ghlacadh ó shaol gnóthach na forbartha curaclaim!