Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Thiar i mí an Mhárta, thugamar an nuacht is deireanaí faoi athfhorbairt Churaclam na Bunscoile ina raibh béim ar na torthaí ón gcomhairliúchán poiblí in 2024. Tá nuashonrú eile againn anois ar an dul chun cinn sin agus foilsiú na sonraíochtaí curaclaim ag druidim linn. Léigh ar aghaidh.

21 Bealtaine, 2025

Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Tá áthas orainn a chur in iúl go bhfuil na leaganacha deiridh de na cúig shonraíocht i gcuraclam na bunscoile ar fáil anois! Is iad sin Oideachas Ealaíon; Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; Folláine; Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETIM); agus Teanga (Nuatheangacha Iasachta ina measc). Léirítear sna sonraíochtaí sin príomhtheachtaireachtaí Chreatchuraclam na Bunscoile agus tá siad ag teacht go hiomlán leis an bhfís atá sa Chreatchuraclam sin. I mí an Mhárta, d’fhaomh Comhairle CNCM gach ceann de na cúig shonraíocht agus cuireadh ar aghaidh chuig an Aire Oideachais agus Óige iad lena meas. Faoi réir fhaomhadh an Aire, táimid ag súil go mbeidh siad ar fáil do scoileanna san fhómhar.

Sna seachtainí agus míonna amach romhainn, beimid ag díriú freisin ar réimse tacaíochtaí praiticiúla a fhorbairt do thuismitheoirí, múinteoirí agus ceannairí scoile. Beidh na tacaíochtaí sin ar fáil i dTacair Uirlisí Ar Líne ar curriculumonline.ie agus beidh samplaí d’fhoghlaim na bpáistí, treoir do mhúinteoirí agus acmhainní ann chun tacú le dul chun cinn na bpáistí san fhoghlaim.

Tuigimid gur turas é an curaclam athfhorbartha a thabhairt isteach, agus go dteastaíonn am chun athrú a bhaint amach san oideachas. Táimid anseo chun tacú go huile agus go hiomlán le scoileanna. Ag forbairt ar an tacaíocht roimhe seo a thug Oide agus NCSE le haghaidh Churaclam Teanga na Bunscoile agus Churaclam Matamaitice na Bunscoile, cuirfear tús leis an gcuraclam athfhorbartha ón scoilbhliain 2025/2026 ar aghaidh. Cuirfidh Oide agus NCSE tús le foghlaim ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí agus ceannairí scoile sa scoilbhliain 2025/2026 agus sna blianta ina dhiaidh sin; éascófar í trí laethanta dúnta na scoile uile, tacaíocht leanúnach ar scoil agus tacaíochtaí breise ar líne. Chuir an Roinn Oideachais agus Óige an t‑eolas sin in iúl do scoileanna i mí Aibreáin.

 

Táimid ar bís faoin gcéad chéim eile seo agus táimid ag tnúth le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí, ceannairí scoile, páistí agus a dteaghlaigh agus beocht a chur sa churaclam athfhorbartha!