Foilsítear Sonraíocht Athbhreithnithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí

Foilsíodh sonraíocht churaclaim athbhreithnithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí. Cuireadh cur chuige coiteann i bhfeidhm chun an tsonraíocht a fhorbairt do na ceithre theanga churaclaim – Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis – chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú.

21 Bealtaine, 2025

Foilsítear Sonraíocht Athbhreithnithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí

Tabharfar an tsonraíocht athbhreithnithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí (Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis) isteach i scoileanna do scoláirí a bheidh sa chéad bhliain ó mhí Mheán Fómhair 2026. I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh isteach sonraíocht ábhair nua do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. In 2023, rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) athbhreithniú ar léargais luatha agus sainaithníodh roinnt láidreachtaí agus dúshlán san athbhreithniú sin mar aon le hathbhreithnithe molta ar an tSonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí. Thionóil CNCM meitheal forbartha i mí Eanáir 2024 chun dul chun cinn a dhéanamh ar na hathbhreithnithe molta. Foilsíodh an tsonraíocht athbhreithnithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí (Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis, 2025). Tá an méid seo a leanas i measc na bpríomhleasuithe:

 

·     rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar shnáitheanna, gnéithe agus torthaí foghlama.

·     athraíodh ord na Measúnuithe Rangbhunaithe, agus beidh an measúnú ar ‘MRB 1: Samplaí ó mo phunann teanga scoláire’ le déanamh anois sa dara bliain agus an measúnú ar ‘MRB 2: Tasc cumarsáide ó bhéal’ le déanamh sa tríú bliain.

·     cuireadh soiléirithe leis an tsonraíocht maidir leis an FTCE agus príomhchoincheapa dá chuid, ról phunann teanga an scoláire (PTS) agus forbairt inniúlachta béil.

·     cuireadh gluais téarmaí leis an tsonraíocht chun na príomhthéarmaí a mhíniú.

·     forbraíodh ábhair tacaíochta bhreise chun tacú le teagasc agus foghlaim.

 

Is féidir teacht ar an tsonraíocht churaclaim athbhreithnithe, mar aon leis na hábhair thacaíochta bhreise, anseo.

 

Foilseofar treoirlínte measúnaithe agus treoirlínte punainne athbhreithnithe sula dtabharfar an tsonraíocht isteach i scoileanna. Nuair a thabharfar na treoirlínte sin isteach, déanfar forbairt ar shamplaí breise d’obair an scoláire.