21 Bealtaine, 2025
Tacaíochtaí le haghaidh tuairisciú dheireadh na bliana agus an t aistriú ón mbunscoil go dtí an iar bhunscoil
Agus deireadh na scoilbhliana 2024/2025 ag druidim linn, cuireann CNCM acmhainní ar fáil chun cabhrú le múinteoirí agus ceannairí scoile le tuairisciú dheireadh na bliana agus le Pasanna Oideachais a ullmhú do scoláirí atá ag aistriú go dtí an iar‑bhunscoil.
Teimpléid Tuairiscithe Dheireadh na Bliana
In 2022, cuireadh teimpléid bhreise le haghaidh tuairisciú dheireadh na bliana do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta leis na hábhair tuairiscithe. Trí chomhoibriú le múinteoirí agus eagraíochtaí náisiúnta, dírítear sna hábhair bhreise sin ar thuairisciú do pháistí ó na naíonáin shóisearacha go rang a cúig, go háirithe dóibh siúd a bhfuil pleananna tacaíochta acu. Tá na teimpléid sin ar fáil ag Tuairisciú agus Aistriú CNCM agus is féidir le scoileanna na teimpléid a chur in oiriúint dóibh féin ach úsáid a bhaint as an gCruthaitheoir Cárta Tuairisce.
Acmhainn Físeáin do Thuismitheoirí
Mínítear i bhfíseán do thuismitheoirí an cuspóir agus an luach a bhaineann le tuairiscí dheireadh na bliana, agus tarraingítear aird ar an gcaoi a léirítear iontu foghlaim agus forbairt páiste lasmuigh de scóir scrúdaithe. Tá teacht ar an bhfíseán seo ag Tuairisciú agus Aistriú CNCM agus ceapadh é sa chaoi go gcabhródh sé le tuismitheoirí tuiscint a fháil ar na tuairiscí.
Tacú le Pasanna Oideachais le haghaidh Aistrithe go dtí an Iar‑bhunscoil
Is féidir le bunscoileanna tacú le scoláirí i rang a sé atá ag aistriú go dtí an t‑oideachas iar-bhunscoile trí Phasanna Oideachais a roinnt leis an meánscoil ábhartha. Bíonn sonraí sna pasanna faoi thuras foghlama an pháiste, láidreachtaí, réimsí le feabhsú, agus aon riachtanas breise. Nuair a chuirtear na pasanna sin le tuairiscí dheireadh na bliana, cinntítear go bhfuil guth ag páistí agus tuismitheoirí san eolas a roinnfear. Tá treoir iomlán maidir le Pasanna Oideachais a ullmhú agus a roinnt ar fáil ag Pas Oideachais.
Trí na hacmhainní sin a úsáid, bíonn cur chuige cuimsitheach ag scoileanna i leith dhul chun cinn na bpáistí a thaifeadadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh san aistriú go dtí an iar-bhunscoil.