Táimid buíoch as an tacaíocht a thug scoileanna dúinn le linn 2024/25

Ba mhaith le CNCM buíochas a ghabháil leis na múinteoirí agus ceannairí scoile iar-bhunscoile go léir as an obair ar fad go dtí seo i leith an curaclam a fhorbairt agus a mhúnlú. Is é láidreacht mhór ár gcur chuige i leith forbairt curaclaim agus measúnaithe in Éirinn ná an ról lárnach a bhíonn ag múinteoirí sa churaclam a fhorbairt agus a chruthú trí chomhairliúcháin, cuairteanna scoile, agus rannpháirtíocht sna meithleacha forbartha ábhar.

21 Bealtaine, 2025

Táimid buíoch as an tacaíocht a thug scoileanna dúinn le linn 2024/25

Is gné ar leith é an ról lárnach a bhíonn ag múinteoirí i leith an curaclam a mhúnlú agus a fhorbairt, rud nach bhfuil i gceist i ndlínsí eile, agus táimid an‑bhuíoch as ucht bhur n-ionchuir ann. Ceist a chuirtear orainn go minic ná: ‘conas a chinntíonn sibh go mbíonn múinteoirí rannpháirteach i múnlú agus forbairt an churaclaim?’ Dáiltear níos mó ná leath de bhuiséad CNCM le haghaidh forbairt curaclaim ar a chinntiú go mbíonn múinteoirí rannpháirteach i róil éagsúla agus i ngach céim den phróiseas. Bhíomar ag obair le múinteoirí freisin, agus beagnach 250 cuairt ar scoileanna á dtabhairt ó bhí mí an Mhárta 2022 ann, chun foghlaim faoi láidreachtaí an churaclaim agus na réimsí atá le feabhsú ann.

Tá meithleacha forbartha, arb é is aidhm dóibh sonraíochtaí curaclaim a fhorbairt, ag croílár obair churaclaim CNCM. Is múinteoirí iad 69% de na páirtithe leasmhara sna meithleacha sin ar an meán, an grúpa is mó a ndéantar ionadaíocht orthu dá bhrí sin. Ina theannta sin, cuireann múinteoirí aiseolas luachmhar ar fáil in dhá chomhairliúchán dhifriúla le linn an curaclam a fhorbairt le haghaidh gach ábhair/modúil/creata. An bhliain seo caite, bhuaileamar le níos mó ná 700 múinteoir chun éisteacht lena smaointe agus a n-aiseolas, agus chuir múinteoirí níos mó ná 2,000 tuairim bhreise in iúl dúinn trí fhreagraí suirbhéanna agus aighneachtaí i scríbhinn.

Ceist eile a chuirtear orainn ná: ’an mbíonn múinteoirí rannpháirteach ar bhealaí eile i bhforbairtí curaclaim seachas meithleacha forbartha agus comhairliúchán?’ Is é an freagra ná go mbíonn! Is gné lárnach iad múinteoirí dár gcuid oibre ar fad, an méid seo a leanas ina measc:

  •       dréacht-Treoirlínte a athbhreithniú chun tacú leis an gComhpháirt Mheasúnaithe sa Bhreis.
  •       cur le hathbhreithnithe luatha ar chur i bhfeidhm sonraíochtaí curaclaim a tugadh isteach le déanaí.
  •       oibriú mar chuid de líonraí scoileanna amhail na grúpaí scoileanna atá ag cabhrú le Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 de chuid na Sraithe Sinsearaí a fhorbairt.
  •        cáilíocht samplaí d’obair an scoláire le haghaidh ábhair na sraithe sóisearaí a dhearbhú.
  •        tacú le liostaí téacsanna ábhar a fhorbairt.

 

Téigh chuig: https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/ le haghaidh an eolais is déanaí faoi fhorbairtí curaclaim na sraithe sinsearaí.