Tá an comhairliúchán poiblí maidir leis an Athbhreithniú ar Léargais Luatha ar shonraíocht Amharc-ealaíne na Sraithe Sóisearaí oscailte anois.
Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an Athbhreithniú ar Léargais Luatha seo.
Tá roinnt bealaí ann chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán:
• Tríd an Suirbhé ar Líne seo
• Aighneacht scríofa a chur isteach, agus úsáid á baint as an teimpléad seo, trí consultations@ncca.ie Úsáid “Aighneacht Scríofa Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí” i líne an ábhair. Beidh teimpléad ar fáil go luath.
• Cláraigh chun freastal ar ghrúpa fócais réigiúnach
Baile Átha Cliath: Óstán an Ashling - an 21 Márta
Luimneach: Óstán an Strand - an 14 Márta
Cathair na Gaillimhe: Óstán an Harbour - 28 Márta
Beidh na grúpaí fócais sin ar siúl i rith an lae idir 10.30 a.m. agus 1.00 p.m. Is beag áit atá ar fáil agus beidh an clárúchán ar oscailt go dtí seachtain amháin roimh gach fócasghrúpa.
Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Dé hAoine, an 31 Márta ar 5 p.m.
Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Léargais Luatha. Cuideoidh an t-aiseolas a gheofar ón athbhreithniú seo le bonn eolais a chur faoi aon athrú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an tsonraíocht.
Tuilleadh eolais:
Sonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí
Treoirlínte Measúnaithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí
Forbróidh Amharc-ealaín an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach chun saothar barántúil agus bunaidh ealaíne, ceardaíochta agus dearaidh a tháirgeadh agus chun dul i ngleic leis. Trína dhéanamh sin, tosóidh sé ag forbairt na litearthachta amhairc, na scileanna criticiúla agus na teanga atá riachtanach le dul i ngleic leis an gcultúr comhaimseartha. Cuirfidh sé seo le tuiscint an scoláire ar róil shaibhre agus éagsúla na healaíne, na ceardaíochta agus an dearaidh i sochaithe agus i gcultúir idir stairiúil agus chomhaimseartha.
Beidh feidhm le siollabas Ealaíne, Ceardaíochta, Dearaidh an Teastais Shóisearaigh don scoláire a thosaigh sa chéad bhliain roimh Mheán Fómhair 2017.
I gcás scoláirí a thosaigh sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2017 nó ina dhiaidh sin, beidh feidhm le sonraíocht Amharc-ealaíne na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, tá Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil.
Is féidir féachaint ar an dá cheann anseo
Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Feabhra 2015.
Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin ar Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa sraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.
- Cáipéis Eolais don Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh na Sraithe Sóisearaí
- Tuarascáil Chomhairliúcháin don Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh na Sraithe Sóisearaí
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na hAmharc‑ealaíne ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.
- Tuairisc ó Chruinniú 1 den Ghrúpa Forbartha don Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh
- Tuairisc ó Chruinniú 2 den Ghrúpa Forbartha don Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh
- Tuairisc ó Chruinniú 3 den Ghrúpa Forbartha don Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh
- Tuairisc ó Chruinniú 4 den Ghrúpa Forbartha don Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh
Forbraíodh dréachtsonraíocht d’Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí ó mhí Feabhra 2015 - Nollaig 2016. Tá an dréachtsonraíocht agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.