Tabhair faoi deara i gcás chohóirt scoláirí 2018 - 2021 go mbeidh socruithe measúnaithe athbhreithnithe i bhfeidhm anois chun na Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích. Mar achoimre, sna himthosca eisceachtúla atá i réim, iarrfar ar scoláirí ón gcohórt seo Measúnú Rangbhunaithe amháin a chur i gcrích sna hábhair atá ar bun acu seachas péire mar a tharlaíonn de ghnáth.
Tá tuilleadh eolais mionsonraithe ar fail ag an nasc seo.
Ag filleadh ar an scoil: Treoir ar fhoghlaim agus ar chláir scoile do cheannairí agus do mhúinteoirí iar-bhunscoile; Socruithe Measúnaithe do Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta in 2021 agus Treoir don Fhilleadh ar an Scoil d’Ábhair Phraiticiúla in Iar-Bhunscoileanna agus i Lárionaid Oideachais le fáil ag https://www.gov.ie/ga/feachtais/filleadh-ar-scoil/ agus https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/ar-n-iar-bhunscoileanna-a-athoscailt/
© 2021 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.