Nuatheangacha Iasachta

Is é an aidhm atá le staidéar ar Nuatheangacha Iasachta (Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis) forbairt a dhéanamh ar scileanna teanga cumarsáide an scoláire agus fiosrú a dhéanamh ar an idirspleáchas idir an teanga agus an cultúr a chumasaíonn scoláirí taitneamh a bhaint as foghlaim teanga. Forbraítear scileanna Nuatheangacha Iasachta thar thrí shnáithe idirnasctha: inniúlacht chumarsáideach, feasacht teanga, agus eolas soch-chultúrtha agus feasacht idirchultúrtha.

Tá an comhairliúchán poiblí ar an Athbhreithniú ar Léargais Luatha ar shonraíocht Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí oscailte anois.

Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an Athbhreithniú ar Léargais Luatha seo.

Tá roinnt bealaí ann chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán:

• Tríd an Suirbhé ar Líne seo

• Aighneacht scríofa a chur isteach, agus úsáid á baint as an teimpléad seo, trí consultations@ncca.ie Úsáid “Aighneacht Scríofa Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí” i líne an ábhair. Beidh teimpléad ar fáil go luath.

• Cláraigh chun freastal ar ghrúpa fócais réigiúnach 

Baile Átha Cliath: Óstán an Ashling - an 21 Márta
Luimneach: Óstán an Strand - an 14 Márta
Cathair na Gaillimhe: Óstán an Harbour - 28 Márta

Beidh na grúpaí fócais sin ar siúl i rith an lae idir 10.30 a.m. agus 1.00 p.m. Is beag áit atá ar fáil agus beidh an clárúchán ar oscailt go dtí seachtain amháin roimh gach fócasghrúpa.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Dé hAoine, an 31 Márta ar 5 p.m.  

Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Léargais Luatha. Cuideoidh an t-aiseolas a gheofar ón athbhreithniú seo le bonn eolais a chur faoi aon athrú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an tsonraíocht.

Tuilleadh eolais:

Sonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí

Treoirlínte Measúnaithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí

 

Is é aidhm na sonraíochta le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí scileanna cumarsáideacha teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, Úsáideoir Bunúsach) den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha agus lena thuairisceoirí. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha dá shaol chun críocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.

Tá sonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí, na Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil anseo.

Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta in 2015.

Déantar iniúchadh sa gcáipéis eolais agus tuarascáil chomhairliúcháin do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa sraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.


Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Nuatheangacha Iasachta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.

Forbraíodh dréachtsonraíocht Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí agus seoladh amach é i gcomhair sainchomhairliúcháin phoiblí.

Tá eolas maidir leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha ar fáil anseo.