Riachtanais Oideachas Speisialta don Iar-Bhunscoil

Mar chuid den athchóiriú níos leithne ar an tsraith shinsearach, tá sé beartaithe go gcuirfear tús le hobair na meithle forbartha um Riachtanas Oideachas Speisialta Iar-bhunscoile i mí Mheán Fómhair 2022. Beidh ról lárnach ag an meitheal forbartha i dtaca le modúil a fhorbairt do scoláirí sa tsraith shinsearach a leanann Clár Foghlama Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 sa tsraith shóisearach. Áireofar ar an ngrúpa oibre sin daoine ainmnithe ó na comhpháirtithe oideachais, ón Roinn Oideachais agus ó na príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Bhunaigh CNCM Meitheal Forbartha Oideachas Speisialta Iar-bhunscolaíochta chun tabhairt faoi, ar an gcéad ásc, an obair a theastaíonn chun sraith modúl a fhorbairt don scoláire sa tsraith shinsearach a leanann Clár Foghlama Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 sa tsraith shóisearach. Cuirfidh an mheitheal seo tacaíocht ar fáil freisin le haghaidh athbhreithniú agus forbairt curaclaim a bhaineann le Cláir Foghlama Leibhéal 1/Leibhéal 2 de chuid na Sraithe Sóisearaí. I dtéarmaí ginearálta, déanann Bord CNCM na Sraithe Sinsearaí agus an Chomhairle obair na Meithle Forbartha a chomhaontú.

Déanfar na modúil a fhorbairt chun tacú le cuspóir na físe a bhaint amach le haghaidh sraith shinsearach athfhorbartha mar atá leagtha amach in Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí: Tuarascáil Chomhairleach (CNCM, 2022). Cuireann na treoirphrionsabail caighdeán ar fáil don Mheitheal Forbartha mar atá sonraithe sa Tuarascáil Chomhairleach agus iad ag tabhairt faoi fhorbairt na sraithe modúl seo ag an tsraith shinsearach.

Beidh na modúil scoláire-láraithe agus oiriúnach ó thaobh aoise, comhscoláirí agus riachtanas foghlama de agus cuirfidh siad le fás agus aibíocht intleachtúil, shóisialta agus phearsanta an scoláire. D’fhéadfadh an leibhéal ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí lena mbeadh na modúil ailínithe athrú de réir mar ba chuí.

Mar bhonn eolais faoi dhearadh na modúl, beidh taighde atá déanta ag CNCM i dtaca le nádúr agus dearadh na sonraíochtaí curaclaim d’oideachas na sraithe sinsearaí. Cuirfidh an mheitheal forbartha comhairle ar fáil i dtaca leis an leithdháileadh ama ab oiriúnaí do na modúil. Beidh na modúil réidh roimh Fhómhar na bliana 2024.

Cruinnithe na Meithle Forbartha