- Faoin CNCM
- Faoin CNCM
- An Luath-Óige
- An Luath-Óige
- Bunscoil
- Bunscoil
- An tSraith Shóisearach
- An tSraith Shóisearach
- An tSraith Shinsearach
- An tSraith Shinsearach
- Nuacht
- Nuacht
- Foilseacháin & Taighde
- Foilseacháin & Taighde
- Comhairliúcháin
- Teagmháil
An bhfuil suim agat i bhforbairt curaclaim?
Tá beirt á lorg ag CNCM chun tacú le hobair gach ceann de na Grúpaí Forbartha seo a leanas:
- Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta
- Eolaíocht Ríomhaireachta na hArdteistiméireachta
- Grafaic Dearaidh agus Cumarsáide na hArdteistiméireachta
- Stair na hArdteistiméireachta
- Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta
- Matamaitic na hArdteistiméireachta
- Ceol na hArdteistiméireachta
- Fisic agus Ceimic na hArdteistiméireachta
Meastar go dtabharfar na sonraíochtaí nua isteach i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027 agus go mbeidh ról lárnach ag na Grúpaí Forbartha san obair seo. Beidh ainmnithe na gcomhpháirtithe oideachais, na Roinne Oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile sa Ghrúpa. Chun tuilleadh saineolais a fháil, tá an CNCM ag lorg léirithe spéise ó dhaoine ar mhaith leo cur leis an obair ar na sonraíochtaí nua.
Eolas agus saineolas speisialtóra
Más múinteoir nó taighdeoir thú nó má tá tú ag obair lasmuigh d'earnáil an oideachais fhoirmiúil, tá spéis ar leith ag an gComhairle cloisteáil uait.
Tá sé beartaithe ag an gComhairle a cuid oibre ar na sonraíochtaí a chur i gcrích faoi Ráithe 2, 2026. Ag tosú i Meán Fómhair 2024, tacóidh an Grúpa Forbartha leis an obair seo trí shraith cruinnithe lae. Meastar go mbeidh suas le 10 gcruinniú dá leithéid ar siúl.
Iarratas
Comhlánaigh an fhoirm ábhartha 'léiriú spéise' ar líne thíos faoi 5pm an 13 Meán Fómhair, 2024. Líonfar dhá phost ar gach Grúpa Forbartha leis an bpróiseas seo.
- Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta
- Eolaíocht Ríomhaireachta na hArdteistiméireachta
- Grafaic Dearaidh agus Cumarsáide na hArdteistiméireachta
- Stair na hArdteistiméireachta
- Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta
- Matamaitic na hArdteistiméireachta
- Ceol na hArdteistiméireachta
- Fisic agus Ceimic na hArdteistiméireachta