C: Cad is Saoráil Faisnéise ann?
F: Foráiltear san Acht Um Saorála Faisnéise, go bhfuil na cearta dleathacha seo a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán, 1998:
- an ceart fáil a bheith acu ar thaifid oifigiúla atá á gcoimeád ag Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile liostaithe san Acht;
- an ceart ar fhaisnéis phearsanta fúthu féin atá á gcoimeád a bheith ceartaithe nó nuashonraithe nuair is faisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach an t-eolas sin; agus
- an ceart cúiseanna a bheith tugtha dóibh do chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu féin.
Ciallaíonn na cearta seo go mbeidh daoine inniúil fáil a lorg ar eolas pearsanta fúthu atá coimeádta – ainneoin cathain a cruthaíodh an t-eolas – agus taifid eile a cruthaítear tar éis 21 Aibreán, 1998, a lorg ón 21 Aibreán, 1998.
Log Nochtaithe nua de chuid CNCM a bhaineann le hIarratais Neamhphearsanta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) ó 2014 go dtí deireadh Ráithe 4 2021
Féach ar an nasc thíos
C: Cén taifid ar féidir a lorg?
F: Faoin Acht, beidh fáil ar na taifid seo a leanas:
- gach taifead cruthaithe tar éis tosach feidhme an Achta an 21 Aibreán, 1998;
- gach taifead pearsanta de chliaint, pé uair a chruthaítear iad;
- gach taifead bhaill fhoirne a cruthaítear tar éis an 21 Aibreán, 1995, nó níos luaithe má úsáidtear go dochrach in aghaidh baill foirne; agus
- gach taifead a chruthaítear níos luaithe má tá siad de dhíth chun taifid a cruthaíodh ina dhiaidh sin a thuiscint.
C: Conas a déanaim Iarratas SF chuig an Chomhairle.?
F: Is féidir iarratas scríofa a sheoladh chuig:
An tUas. Morgan Lockhart
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
35 Cearnóg Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +353 1 661 7177
Facs: +353 1 661 7180
info@ncca.ie
Ba cheart go n-aireodh d’iarratas iad seo a leanas:
- ráiteas go ndéantar an t-iarratas faoin Acht um SF;
- dá mhéid eolais agus gur féidir faoi na taifid atá á lorg; agus
- sonraíocht i dtaca leis an bhfoirm ina lorgaítear na cóipeanna atá á iarradh.
Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar fáil i gcóip chrua ó Oifig Díolacháin Foilseachán an Rialtais
Nascanna eile