Is tionscadal ceannródaíoch é CO-LAB atá dírithe ar theagasc agus ar fhoghlaim atá comhoibríoch a chur i bhfeidhm sa seomra ranga. Is scil luachmhar sa 21ú haois é an cumas comhoibriú go héifeachtach. Cuireann CO-LAB spás agus am faoi leith ar fáil do chleachtóirí agus do lucht déanta beartas chun tuiscint níos fearr a ghnóthú ar a bhfuil i gceist le teagasc agus le foghlaim atá comhoibríoch i dtéarmaí beartas agus cleachtas.
Is comhpháirtí í CNCM i dtionscadal CO-LAB agus tá sí ag obair le scoileanna, múinteoirí, lucht múinte múinteoirí agus lucht déanta beartas ar theagasc agus foghlaim chomhoibríoch, ag úsáid punanna digiteacha mar uirlis comhoibrithe.
Tá sé de mhian ag CO-LAB:
Is iad na héachtaí atá CO-LAB ag súil le baint amach ná:
Tuarascálacha CO-LAB:
Cruthófar sraith acmhainní mar thoradh ar an tionscadal seo agus cuirfear comhairle agus treoirlínte ar fáil sna foilseacháin seo chun cásanna teagaisc agus foghlama comhoibríche a chur i bhfeidhm i seomraí ranga. Cliceáil ar na naisc thíos chun teacht ar an tacaíocht ábhartha.
CO-LAB Country Report: Tugann an tuarascáil tíre seo léargas ar leith ar thaithí ar fhoghlaim agus teagasc comhoibríoch a chur i bhfeidhm sna sé thír chomhpháirtíochta: an Bheilg-Flóndras, an Eastóin, Éire, an Ostair, an Pholainn agus an Phortaingéil.
Final Evaluation and Recommendations Report: Déantar measúnú sa tuarascáil seo ar thorthaí thionscadal CO-LAB agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin, ceaptar roinnt moltaí beartais.
Code of Conduct for effective collaboration in European projects: Tugtar creat sa tuarascáil seo le haghaidh bainistíocht agus cur chun cinn timpeallachtaí foghlama comhoibríche chun straitéisí oideachais a neartú ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta.
Integrating Collaborative Learning in Policy and Practice: Tá dhá chuid sa tuarascáil achoimre seo. Tá cur síos ginearálta sa chéad chuid ar an tionscadal, an modheolaíocht, sainmhínithe agus acmhainní agus tuarascálacha nasctha. Roinntear moltaí an tionscadail sa dara cuid.
CO-LAB Guidelines for Assessing Collaborative Learning in the Classroom: Trí lionsa chásanna Co-Lab, tugtar eolas sna treoirlínte seo ar thrí phríomhphointe: cuspóir an mheasúnaithe, a bhfuil le measúnú agus an chaoi le measúnú.
Tá sraith físeáin tíre ó gach tír chomhpháirtíochta ar fáil, ina bhfuil agallaimh le scoláirí, soláthraithe oiliúna tosaigh múinteoirí, oideachasóirí agus lucht déanta beartas. Tarraingítear aird sna hagallaimh ar dhearcthaí, samplaí agus moltaí éagsúla ar chomhoibriú a chur i bhfeidhm i dteagasc, foghlaim agus measúnú.
Cuirfidh Cúrsaí Oscailte Ollmhóra ar Líne CO-LAB oiliúint ar mhúinteoirí, lucht múinte múinteoirí, agus ar mhúinteoirí faoi oiliúint ar fud na hEorpa conas Teagasc agus Foghlaim Chomhoibríoch a chomhcheangail leis an seomra ranga sa 21ú aois. Beidh Cúrsaí Oscailte Ollmhóra ar Líne ar líne ón 25 Meán Fómhair go dtí an 8 Samhain 2017, agus beidh siad ar fáil mar acmhainn féinstaidéir i ndiaidh an dáta seo. Is féidir leat teacht ar Chúrsaí Oscailte Ollmhóra ar Líne Co-Lab anseo.
Tá CO-LAB (Nollaig 2015 – Eanáir 2018) á chomhordú ag European Schoolnet (líonra de 31 Aireacht Oideachais dírithe ar nuálaíocht i dteagasc agus i bhfoghlaim a thabhairt chuig príomhpháirtithe leasmhara laistigh den phobal oideachais), agus á mhaoiniú ag Clár Erasmus+ an Choimisiúin Eorpaigh. Tá comhpháirtíocht an tionscadail seo saibhir agus ilchineálach cuimsithe ag Aireachtaí Oideachais, eagraíochtaí oiliúna múinteoirí agus institiúidí taighde ón Ostair, ón mBeilig, ón Eastóin, ó Éirinn, ón bPolainn, agusón bPortaingéil. D’earcaigh gach ceann de na tíortha seo lucht múinte múinteoirí, múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí, príomhoidí, luchta déanta beartas agus páirtithe leasmhara eile ag leibhéal náisiúnta chun páirt a ghlacadh sa tionscadal.
Reáchtáil an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an chéad Chomhdháil um Punanna Digiteacha agus Fhoghlaim Chomhoibríoch ar an Máirt 17 Bealtaine, ag an Ionad Comhdhála, George’s Hall, Caisleán Bhaile Átha Cliath.
Bhí múinteoirí ionadaíocha ó gach scoil bainteach sa tionscadal seo i láthair agus chuir Majella O’Shea, Stiúrthóir Curaclaim agus Measúnú, CNCM an tionscadal Eorpach seo a thacaíonn le teagasc agus foghlaim chomhoibríoch i láthair don lucht féachana.
An Dr Michael Seery, Léitheoir san Oideachas Ceimice ag Ollscoil Dhún Éideann, a sheachaid an chéad cheardlann ar Fhoghlaim daltaí a thaifead le ríomhpunanna“Documenting student learning with e-portfolios”. An Dr Deirdre Butler, Léachtóir Sinsearach san Oideachas i gColáiste Phádraig, COBÁC, a sheachaid an dara cheardlann ar Fhoghlaim Chomhoibríoch a Shníomh Isteach sa Dearadh Ceachta. Seachadadh an tríú cheardlann chomh maith le fócas ar chabhrú le freastalaithe breis forbartha a dhéanamh ar scileanna digiteacha a bheadh uathu don dtionscadal seo.
Is féidir féachaint ar fhíseáin de na cuir i láthair trí na naisc thíos.
© 2021 An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Gach ceart ar cosaint.