Is leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015) a múnlaíodh an teagasc, an fhoghlaim, an measúnú agus an tuairisciú sna hiar-bhunscoileanna le roinnt blianta anuas. Táthar i mbun staidéir taighde a scrúdaíonn taithí scoileanna ar a bheith ag oibriú leis an gcreat i láthair na huaire.
Tar éis próiseas tairisceana iomaíoch, choimisiúnaigh CNCM foireann taighde ó Scoil Oideachais in Ollscoil Luimnigh chun tabhairt faoin staidéar taighde ilghnéitheach sin ar mhodhanna measctha maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Creat don tSraith Shóisearach a thabhairt isteach i scoileanna.
Cruthaíonn an staidéar deis spleodrach le níos mó a fhoghlaim faoi thaithí an athraithe sa tsraith shóisearach i scoileanna, agus le léargais a fháil ar an tionchar a bhaineann le creatchuraclam nua a thabhairt isteach.
Tá an chéad cheann sa tsraith tuarascálacha seo foilsithe anois. Tá sé tábhachtach le rá go bhfuil na léargais agus na saincheisteanna a ardaíodh sa tuarascáil seo bunaithe ar roinnt peirspictíochtaí tosaigh a gabhadh orthu ag tús an staidéir leanúnaigh seo, agus gur cheart iad a mheas laistigh den chomhthéacs seo.
Tá trí phrionsabal treorach ag baint leis an staidéar taighde:
- Neamhspleáchas: déanann taighdeoirí neamhspleácha an taighde le tiomantas morálta do shaoirse fiosrúcháin agus díospóireachta scoláire.
- Guth: déantar iarracht sa taighde guth a thabhairt do mhúinteoirí, scoláirí, agus pobail scoile, tuismitheoirí san áireamh.
- Freagairt agus íogaireacht don chomhthéacs: ag tarraingt ar eispéiris ó bheith ag obair le scoileanna, freagróidh an fhoireann taighde do riachtanais agus cúinsí athraitheacha scoileanna.
Tá trí ghné ag baint leis an staidéar taighde seo.
Tá gné a haon comhdhéanta d’agallaimh le hionadaithe comhlachtaí agus gníomhaireachtaí páirtithe leasmhara.
Fiosrófar i ngné a dó pleanáil churaclaim, teagasc, foghlaim, cleachtais mheasúnaithe agus tuairiscithe i sampla ionadaíocht de 100 scoil, trí agallaimh struchtúrtha le príomhoidí scoile agus suirbhé ar líne do mhúinteoirí i mbliain a haon agus bliain a ceathair den staidéar.
Beidh gné a trí comhdhéanta de chás-staidéir i 12 scoil, trí chuairteanna suímh i mbliain a dó agus bliain a trí den staidéar.
Foilseoidh an fhoireann taighde tuarascálacha téamacha eatramhacha ag pointí tábhachtacha i rith an staidéir, a mhairfidh ó 2020 go 2024.