Straitéis Taighde

Straitéis Taighde

Straitéis Taighde

Eascraíonn Straitéis Taighde na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) as an Sprioc atá i bPlean Straitéiseach na hEagraíochta go ndéanfaí ‘...eolas agus taighde a ghiniúint, a úsáid agus a roinnt ar mhaithe le comhairle a cheapadh agus cleachtas a fhorbairt i dtaca le cúrsaí curaclaim i ngach suíomh oideachais’ (CNCM, 2019, 8). Sa straitéis taighde seo, cuirtear i láthair an Fhís, na Prionsabail agus na Spriocanna a stiúrann gníomhaíocht taighde CNCM agus tugtar breac-chuntas inti ar chomhthéacs agus raon na gníomhaíochta sin. Déanfar í a athbhreithniú i ndiaidh gach timthrialla de Phlean Straitéiseach na heagraíochta.

Iarrataí ar fhaisnéis shonrach

Má tá taighde ar bun agat ar réimse sonrach oibre, déan iarracht catalóg na bhfoilseachán a chuardach.

Má tá iarratas agat ar fhaisnéis shonrach, cuir d'iarratas i ríomhphost chuig research@ncca.ie. Déan cinnte go gcuirfidh tú an oiread sonraí agus is féidir isteach; gach seans go bhfaighidh tú an fhaisnéis bheacht a theastaíonn uait má chuireann tú ceisteanna sonracha orainn seachas a bheith ag fiafraí dúinn faoi réimsí leathana oibre. Déanfaimid iarracht freagra a thabhairt laistigh de cúig lá oibre, cé go bhféadfadh sé sin a bheith níos faide, ag brath ar an gcineál faisnéise, agus cén sórt topaic atá ann i láthair na huaire. 

Taighdeoirí Iarchéime

Má tá taighde ar bun agat mar chuid de staidéar dochtúireachta, nó má tá obair choimisiúnaithe ar siúl agat do ghníomhaireacht nó d'eagraíocht, b'fhéidir go mbeifeá in ann roinnt den fhoireann a chur faoi agallamh mar chuid de do staidéar. Déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat, cé nach mbeimid in ann é sin a dhéanamh i gcónaí, agus d'fhéadfadh sé suas le ceithre seachtaine é a eagrú.

Dá mba mhaith leat agallamh a iarraidh, is féidir leis sin a dhéanamh trí research@ncca.ie. Mínigh do cheist thaighde agus aidhm an agallaimh. Má tá duine faoi leith gur mhaith leat a chur faoi agallamh, tabhair a n-ainm agus mínigh cén fáth gur mhaith leat é sin a dhéanamh. Seol isteach freisin imlíne de sceideal an agallaimh, agus dréacht de na ceisteanna a bheidh á gcur agat.