Béarla

Cuireadh tús le forbairt sonraíochta nua le haghaidh Bhéarla na hArdteistiméireachta.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Bhéarla na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2026. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Bhéarla na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha. 

Ba é an chéad chéim in athfhorbairt Bhéarla na hArdteistiméireachta ná páipéar Cúlra a fhorbairt agus achoimre don athbhreithniú ar an ábhar.

Tá an comhairliúchán ar an bPáipéar Cúlra agus Coimre don Athbhreithniú ar Bhéarla na hArdteistiméireachta dúnta anois.