Folláine

Pleanáil le haghaidh Cláir Folláine sa tSraith Shóisearach.

Treoirlínte nuashonraithe maidir le Folláine sa tSraith Shóisearach


Nuashonraíodh na Treoirlínte maidir le Folláine sa tSraith Shóisearach chun tacú le scoileanna agus iad ag leanúint de chláir Folláine a phleanáil agus a fhorbairt don tsraith shóisearach.

Cuirtear na nithe seo a leanas ar fáil sna treoirlínte nuashonraithe:

  • beartas agus treoir chothrom le dáta maidir le pleanáil a dhéanamh le haghaidh folláine sa tsraith shóisearach i gcomhthéacs na pleanála scoile níos leithne
  • freagraí ar cheisteanna coitianta maidir le gnéithe éagsúla den pleanáil le haghaidh na Folláine
  • samplaí nuashonraithe ar chláir Folláine 400 uair an chloig
  • samplaí oibrithe amach d’aonaid foghlama
  • soiléiriú ar an gcaoi a ndéanfar measúnú agus tuairisciú ar an bhfoghlaim san Fholláine
  • teimpléid agus uirlisí chun clár Folláine don tsraith shóisearach a phleanáil agus mheas