Ráiteas Inrochtaineachta

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) tiomanta a suíomh gréasáin a bheith inrochtana, i gcomhréir le Rialacháin 2020 an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach Comhlachtaí Earnála Poiblí)Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le https://ncca.ie.

Déanann CNCM na bearta seo a leanas chun inrochtaineacht a chinntiú:

  • Is cuid dár mbeartais inmheánacha í an inrochtaineacht.
  • Ceapadh Oifigeach Inrochtaineachta.
  • Tá spriocanna inrochtaineachta soiléire agus freagrachtaí soiléire ann laistigh den eagraíocht.
  • Imeasctar inrochtaineacht lenár gcleachtais soláthair.
  • Cuirtear oiliúint inrochtaineachta ar fáil d’fhostaithe.

Teicneolaíochtaí Reatha

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as na teicneolaíochtaí neamh-W3C seo a leanas chomh maith:

  • Formáid Doiciméad Iniompartha (PDF): San fhormáid seo amháin atá doiciméid áirithe ar an suíomh seo ar fáil. Gheobhadh nach gcloífeadh roinnt PDFanna níos sine ná leagan 5 e Adobe Acrobat le treoirlínte inrochtaineachta. Chomh maith leis sin, tá díolúine ag PDFanna a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair, 2018 ó Rialacháin 2020.

Mura féidir leat teacht ar eolas in aon doiciméad PDF cuir ríomhphost chugainn le haghaidh cúnaimh ag accessibility@ncca.ie

Ár stádas comhlíonta

Is mian linn go mbeadh líon na ndaoine a bhfuil sé ar a gcumas an suíomh gréasáin seo a úsáid chomh hard agus is féidir. Ciallaíonn sé, mar shampla, go mba cheart go mbeifeá in ann:

  • zúmáil isteach suas le 300% gan an téacs a bheith ag imeacht ón scáileán
  • dathanna, leibhéil chodarsnachta agus clónna a athrú
  • an chuid is mó den suíomh gréasáin a nascleanúint gan ach méarchlár a úsáid
  • an chuid is mó den suíomh gréasáin a nascleanúint trí úsáid aitheanta cainte
  • a bheith ag éisteacht leis an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid léitheora scáileáin
  • féachaint ar inneachar i mbealaí éagsúla gan faisnéis ná struchtúr a chailleadh

Nuair a fhoilsíonn muid faisnéis ar an suíomh gréasáin seo, déanfaidh muid iarracht:

  • dea-struchtúr a chur ar inneachar
  • gnáth-Bhéarla a úsáid (ach amháin le focail acadúla nó focail eolaíochta nach bhfuil a malairt ar fáil)
  • abairtí gearra a úsáid
  • acrainmneacha a mhíniú
  • téacs hipearnaisc maith a scríobh
  • íomhánna agus físeáin a dhéanamh inrochtana
  • a chinntiú go n-oibríonn gnéithe nua le teicneolaíochtaí cúnta

Níl an suíomh gréasáin seo lán-chomhlíontach leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 leibhéal AA, mar gheall ar an gcuid inneachair nach bhfuil lán-chomhlíontach agus na díolúintí liostaithe thíos.

Inneachar nach bhfuil chomh hinrochtana sin

Rinne muid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil ár suíomh gréasáin chomh inrochtana agus is féidir. D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh fadhbanna inrochtaineachta ag úsáideoirí. Seo thíos cur síos ar fhadhbanna inrochtaineachta atá ar eolas againn. Bí i dteagmháil linn, le do thoil, má thugann tú fadhb faoi deara nach bhfuil ar an liosta.

PDFanna

  •  Tá leideanna uirlise in easnamh ar chuid de na réimsí foirme PDF.
  •  Tá téacs Alt nó téacs coibhéiseach eile in easnamh ar chuid de na híomhánna in PDFanna nó tá téacs Alt neamhbhailí iontu.
  •  I roinnt PDFanna tá na clibeanna struchtúracha riachtanacha in easnamh, clibeanna a ligeann d’úsáideoirí méarchláir agus léitheora scáileáin nascleanúint a dhéanamh.
  •  Tá ceanntásca i roinnt táblaí taobh istigh de PDFanna in easnamh.

 

Taobh amuigh de raon Rialacháin 2020

PDFanna

  •  Tá díolúine ó raon Rialacháin 2020 ag PDFanna a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair, 2018.

 

Cúnamh a iarradh

Mura féidir leat teacht ar eolas ar ár suíomh gréasáin, cuir ríomhphost chugainn le haghaidh cúnaimh ag accessibility@ncca.ie

 

Ullmhúchán an ráitis inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo ar an 8 Meitheamh 2022.

D’úsáid CNCM meastóireacht sheachtrach ag eintiteas seachtrach nach bhfuil baint aige leis an bpróiseas deartha agus forbartha chun inrochtaineacht an tsuímh seo a mheas.

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo ar an 8 Meitheamh 2022.

Próiseas aiseolais

Cuireann muid fáilte roimh do chuid aiseolais faoi inrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo. Is féidir leat a bheith i dteagmháil lenár nOifigeach Rochtana ag accessibility@ncca.ie. Tá sí freagrach as cúnamh agus treoir a chur ar fáil, a eagrú, nó a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas atá ag teacht ar sheirbhísí a chuireann CNCM ar fáil agus is í an duine teagmhála ainmnithe í do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo teacht ar sheirbhísí dá leithéid. Má tá tú ag tabhairt cuairt ar oifigí CNCM agus ba mhaith leat inrochtaineacht fhisiciúil a phlé roimh ré, bí i dteagmháil lenár nOifigeach Rochtana chomh maith. 

Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Oifigigh Rochtana:

Seoladh: Oifigeach Rochtana, CNCM, 35 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2.D02-KH36

Guthán: +353 1 661 7177

Seoladh ríomhphoist: accessibility@ncca.ie 

Nós imeachta forfheidhmithe

Tá tú i dteideal gearán a thaisceadh le hOifig an Ombudsman nó leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagairt.

Oifig an Ombudsman:

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre: