Maidir linne

Is comhlacht reachtúil de chuid na Roinne Oideachais í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

Ceapann an tAire cúig bhall is fiche ar an gComhairle ar feadh tréimhse ceithre bliana. Déanann na comhaltaí ionadaíocht ar na comhpháirtithe oideachais, tionscail agus ceardchumainn, ar eagraíochtaí na dtuismitheoirí agus ar leasanna oideachais eile. Bíonn ainmní amháin de chuid an Aire Oideachais agus Scileanna agus ainmní amháin de chuid an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige ar an gComhairle freisin. Ceapann an tAire Oideachais agus Scileanna an Cathaoirleach. Féach ar chomhaltaí na Comhairle anseo.

Tacaíonn trí bhord agus roinnt meithleacha forbartha le hobair na Comhairle. Déanann na comhaltaí ar na boird agus meithleacha sin ionadaíocht ar pháirtithe leasmhara atá cosúil leis an gComhairle. Féach ar ár mBoird agus Meithleacha Forbartha anseo.

Bíonn an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin i bhfeighil ar obair na Comhairle ó lá go lá, le tacaíocht ó fhoireann feidhmiúcháin lánaimseartha. Féach ar CNCM Leabhrán Faisnéise anseo.

Céard a dhéanann CNCM agus cén chaoi a bhfuil sí struchtúrtha? Play Céard a dhéanann CNCM agus cén chaoi a bhfuil sí struchtúrtha? Céard a dhéanann CNCM agus cén chaoi a bhfuil sí struchtúrtha?
Cén chaoi a bhforbraíonn CNCM a comhairle maidir leis an gcuraclam agus measúnacht?‘ Play Cén chaoi a bhforbraíonn CNCM a comhairle maidir leis an gcuraclam agus measúnacht?‘ Cén chaoi a bhforbraíonn CNCM a comhairle maidir leis an gcuraclam agus measúnacht?‘