Ráiteas Príobháideachais

Baineann an ráiteas seo le cleachtais phríobháideachais ar gach suíomh gréasáin de chuid CNCM. Níl CNCM freagrach as ábhar ná cleachtais phríobháideachais suíomhanna gréasáin eile. Is féidir aon nasc seachtrach chuig suíomhanna gréasáin eile a aithint go soiléir. Mínítear roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathnaigh.

Suíomhanna gréasáin CNCM

Tá liosta anseo thíos de na suíomhanna gréasáin ar fad a bhainistíonn CNCM agus atá san áireamh sa ráiteas príobháideachais seo. Nuair is comhúinéir an inneachair í CNCM, cuirtear an chomhúinéireacht sin in iúl sa liosta suíomhanna gréasáin thíos. Mar sin féin is í CNCM, mar óstálaí an tsuímh gréasáin, a bhainistíonn iad ar fad faoi Ráiteas Príobháideachais CNCM.
Suíomh gréasáin Úinéireacht an tsuímh gréasáin
 www.ncca.ie CNCM
 www.curriculumonline.ie CNCM
 www.AistearSiolta.ie  CNCM, an Roinn Oideachais, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
 www.transition.ie  CNCM, Cumann Ollscoileanna Éireann, Cumann Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann, an tÚdarás um Ard-Oideachas, Solas, an Roinn Oideachais, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann
 www.ecalignment.ie  CNCM, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
 http://research-alive.com  CNCM, an Chomhairle Mhúinteoireachta, an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha
 http://nccaplanning.ie/  CNCM

Ráiteas Ginearálta

Tá meas iomlán ag CNCM ar do chearta chun príobháideachais, agus ní bhaileoidh sí aon eolas pearsanta fút ar ár suíomhanna gréasáin gan cead soiléir a fháil uait. Caithfear le haon eolas pearsanta a thugann tú de do thoil féin do CNCM leis na caighdeáin is airde de shlándáil agus rúndacht, agus go hiomlán de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí ón Aontas Eorpach (Rialachán 679/2016 ó AE) (“GDPR”).
Má tá tuilleadh eolais uait faoi chosaint sonraí agus ár suíomhanna gréasáin, léigh an ráiteas seo ó thús deireadh. Is féidir dul i dteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí freisin ar dpo@ncca.ie

Bailiú agus úsáid eolais phearsanta:

Ní bhailíonn an CNCM aon eolas pearsanta fút ar ár suíomhanna gréasáin, seachas eolas a thugann tú de do thoil féin (mar shampla trí ríomhphost a chur chugainn nó trí shuirbhé nó foirm aiseolais ar líne a úsáid nó trí chlárú do chuntas ar curriculumonline.ie). Má thugann tú eolas pearsanta de do thoil féin mar fhreagra ar cheistneoir nó suirbhé, úsáidfear na sonraí chun críocha taighde nó anailíse amháin. Ní chuirtear aon eolas a thugann tú sa tslí sin ar fáil d’aon tríú páirtí, agus is don chúis ar thug tú é amháin a úsáideann CNCM é.

 
Bailiú agus úsáid eolais theicniúil:

Úsáideann roinnt de shuíomhanna gréasáin CNCM fianáin, rud a chuireann ar chumas brabhsálaí gréasáin cuairteora cuimhneamh ar cé na leathnaigh ar tugadh cuairt orthu cheana. Féadfaidh cuairteoirí ar na suíomhanna sin na fianáin a dhíchumasú ar an mbrabhsálaí gréasáin ach d’fhéadfadh nach mbeidís in ann na suíomhanna a úsáid go hiomlán dá bharr.
Déantar taifead de shonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna ar na suíomhanna gréasáin seo chun críocha staitistiúla. Ní bhailítear aon fhaisnéis a d’fhéadfaimis a úsáid chun cuairteoirí an tsuímh gréasáin a aithint. Ní bhailítear ach na sonraí teicniúla seo a leanas:
  • seoladh IP fhreastalaí gréasáin an chuairteora
  • ainm an fhearainn barrleibhéil a úsáideadh (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
  • an suíomh gréasáin deireanach ónar tháinig an cuairteoir chugainn, chomh maith le haon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  • sonraí conaire chliceála a thaispeánann trácht na gcuairteoirí timpeall an tsuímh gréasáin seo (mar shampla leathnaigh a ndeachthas orthu agus cáipéisí a íoslódáladh)
  • an cineál gléis agus brabhsálaí gréasáin a d’úsáid cuairteoir an tsuímh gréasáin.
Ní dhéanfaidh CNCM aon iarracht cuairteoirí aonair a aithint, ná aon sonraí teicniúla thuasluaite a nascadh le haon duine ar leith. Is é polasaí CNCM gan aon eolas teicniúil dá leithéid faoi aon chuairteoirí aonair ar a suíomhanna gréasáin a nochtadh le haon tríú páirtí riamh, seachas má tá iallach ann eolas dá leithéid a nochtadh de réir riail an dlí. Is í CNCM amháin a úsáidfidh na sonraí teicniúla, agus is d’fheidhmeanna staitistiúla agus d’fheidhmeanna riaracháin eile amháin a úsáidfear iad. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn sonraí teicniúla, nach féidir linn a chomhcheangal le haon duine so-aitheanta, ‘sonraí pearsanta’ d’fheidhm na nAchtanna um Cosaint Sonraí.

Gluais de na téarmaí teicniúla a úsáideadh

brabhsálaí gréasáin
An píosa bogearra a úsáideann tú chun leathnaigh idirlín a léamh. Cuir i gcás Edge, Chrome, Firefox, Safari agus Opera.
seoladh IP
Na sonraí aitheanta do do ríomhaire (nó ríomhaire do chomhlachta idirlín), curtha in iúl i gcód ‘Prótacal Idirlín’ (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh IP ar leith ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an idirlíon, cé nach gá go mbeadh an seoladh mar an gcéanna gach uair a dhéantar ceangal.
fianáin
Píosaí beaga faisnéise a stóráiltear i gcomhaid téacs shimplí, agus a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh gréasáin na fianáin a léamh agus tú ar cuairt air ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh go stórálfaí faisnéis i bhfianán faoi do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó uimhir aitheantais ar leith ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin “cuimhneamh” ort nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Go hiondúil, ní choinníonn fianáin faisnéis phearsanta ónar féidir thú a aithint, seachas má thug tú faisnéis dá leithéid don suíomh gréasáin.
Tá an t-eolas ar fad faoi na fianáin a úsáidtear ar shuíomhanna gréasáin CNCM ar fáil ar https://www.ncca.ie/en/cookies

Nuachtlitreacha CNCM le seirbhís Mailchimp

Úsáideann CNCM seirbhís Mailchimp chun eolas faoi fhorbairtí, imeachtaí atá ag teacht agus fógraí a sheoladh chuig daoine ar spéis leo a leithéid. Nuair a ghlacann tú síntiús lenár nuachtlitreacha iarraimid ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt dúinn agus a rá linn cén earnáil, nó na hearnálacha, oideachais is mó a bhfuil spéis agat iontu. Ní sheolfaimid eolas chugat ach inár nuachtlitir ghinearálta, ar a dtugtar info, nó eolas faoi imeachtaí nó eolas a bhaineann le hearnáil faoi leith ar iarr tú lena n-aghaidh. Tá níos mó eolais faoin gcaoi a bpléann Mailchimp le do phríobháideachas ar https://mailchimp.com/legal/privacy/#5._General_Information