Straitéis Taighde

Straitéis Taighde

Eascraíonn Straitéis Taighde na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) as Plean Straitéiseach na heagraíochta le haghaidh 2022–2025. Sa Straitéis Taighde, cuirtear i láthair an Fhís agus na Prionsabail a stiúrann gníomhaíocht taighde CNCM agus tugtar breac‑chuntas inti ar chomhthéacs agus raon na gníomhaíochta sin. Glacann CNCM a taighde agus a freagrachtaí i ndáiríre i ngach foirm a mhúnlaítear a gníomhaíocht taighde agus tá CNCM tiomanta do na caighdeáin is airde d’iompraíocht eiticiúil a chur i bhfeidhm. Cuimsítear leis an Straitéis Taighde seo, 2023–2026 Ráiteas Eiticiúil nua, ina n‑aithnítear na himpleachtaí agus na machnaimh eiticiúla a eascraíonn as gníomhaíocht taighde CNCM agus tá sí deartha chun soiléireacht agus treoir a chur ar fáil do bhaill foirne CNCM agus do na daoine atá rannpháirteach i ngníomhaíocht taighde ar a son. Déanfar athbhreithniú ar an Straitéis Taighde seo nuair atá Plean Straitéiseach CNCM á athnuachan.