Iniúchadh curaclaim idirnáisiúnta ar an Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI)

Déantar scrúdú san athbhreithniú deisce ar an tslí ina gcomhtháthaíonn sé dhlínse idirnáisiúnta ar leith teagasc agus foghlaim OFI laistigh dá gcuraclaim (leibhéal na luathóige, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile), agus cuireann sé léargais ar fáil maidir leis an tslí a léirmhíníonn agus a láimhseálann na dlínsí roghnaithe (an Astráil, an Danmhairg, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, Albain agus an tSualainn) fís Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA) le haghaidh OFI.

Choimisiúnaigh CNCM an t-iniúchadh curaclaim idirnáisiúnta seo ar an Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) i samhradh 2021 chun bonn eolais a chur faoin treoir straitéiseach le haghaidh OFI i gcuraclam na hÉireann, a bhíonn ag athrú de shíor. Déantar scrúdú san athbhreithniú deisce ar an tslí ina gcomhtháthaíonn sé dhlínse idirnáisiúnta ar leith teagasc agus foghlaim OFI laistigh dá gcuraclaim (leibhéal na luathóige, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile), agus cuireann sé léargais ar fáil maidir leis an tslí a léirmhíníonn agus a láimhseálann na dlínsí roghnaithe (an Astráil, an Danmhairg, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, Albain agus an tSualainn) fís Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA) le haghaidh OFI.

Díríonn an fhís seo ar Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 (SDG 4) ar Oideachas Ardchaighdeáin, agus ar aidhm 4.7 go sonrach (EOECNA, 2020, lch. 14):

Cinntigh go sealbhaíonn gach foghlaimeoir an t-eolas agus na scileanna a theastaíonn chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear, i measc nithe eile, trí oideachas le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe, cearta daonna, comhionannas inscne, cur chun cinn cultúr síochána agus neamhfhoréigin, saoránacht dhomhanda agus léirthuiscint ar an éagsúlacht chultúrtha agus ar thábhacht an chultúir maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe faoi 2030.

Tugann an tuairisc seo breac-chuntas ar na príomhthorthaí agus aird á tabhairt ar cheithre cheist taighde:

  1. Cad é an aidhm nó an cuspóir atá léirithe le haghaidh OFI sa straitéis OFI nó sa bheartas curaclaim/ sa chreatchuraclam le haghaidh oideachas na luathbhlianta, na bunscoile nó na meánscoile?
  2. Cén áit a bhfuil OFI sna creatchuraclaim/doiciméid bheartais agus conas a chomhtháthaítear é sa churaclam?
  3. Cén fhaisnéis ábhair OFI a chomhtháthaítear s(n)a c(h)reatchuracla(i)m/doiciméid bheartais, agus céard é an bhéim ar fhaisnéis ábhair OFI, inniúlachtaí agus scileanna sna doiciméid seo?
  4. Conas a spreagtar agus a thacaítear le OFI sa churaclam; cad iad na príomháisitheoirí a thacaíonn le OFI sa churaclam?

Cuireadh an taighde trasearnála seo faoi bhráid na dtrí bhord CNCM, agus d’fhaomh an Chomhairle í lena foilsiú ar ncca.ie. Tá an taighde seo tráthúil toisc go bhfuil plean straitéiseach nua le haghaidh 2022-2025 á fhorbairt ag CNCM. Cuireann sé deiseanna ar fáil chun ról OFI sa churaclam agus sa mheasúnú ó leibhéal na luathóige go dtí leibhéal na sraithe sinsearaí a bhreithniú.