Teimpléid thuairiscithe Mo Scéal

Mo Scéal Play Mo Scéal Mo Scéal

D’oibrigh An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta le réamhscoileanna agus le bunscoileanna chun na teimpléid Mo Scéal: Ag Gluaiseacht ón Réamhscoil go dtí an Bhunscoil a fhorbairt. Ciallaíonn Mo Scéal ‘my story’ as Béarla agus cabhraíonn na teimpléid chun an scéal faoi fhoghlaim agus faoi fhorbairt an pháiste a insint. Roinnfear an t-eolas seo le tuismitheoirí/le caomhnóirí agus lena gcead siúd leis an mbunscoil. 

Nil sé riachtanach úsáid a bhaint as na teimpléid. Áis atá iontu ina ionad san, chun cabhrú le réamhscoileanna agus le scoileanna tacú le páistí óga agus a dteaghlaigh ag an am cinniúnach seo. Cuirtear smaointe faoi ghníomhaíochtaí spraíúla agus spéisiúla ar fáil chomh maith toisc gur próiseas leanúnach thar tréimhse ama atá san aistriú. Mhol cleachtóirí réamhscoile agus múinteoirí bunscoile an-chuid de na gníomhaíochtaí seo.

Beidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag obair go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige  agus leis na páirtithe cuí chun próisis treorach agus tacaíocht phíolótach a fhorbairt dóibh siúd a bheidh ag úsáid na dteimpléad.

Ciallaíonn Mo Scéal ‘my story’ as Béarla and cabhraíonn na teimpléid leis an réamhscoil eolas faoi fhoghlaim agus faoi fhorbairt na bpáistí a roinnt le tuismitheoirí/caomhnóirí agus le cead na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí, an t-eolas seo a roinnt le bunscoileanna.

Teimpléid thuairiscithe

Tá dhá leagan de na teimpléid ar fáil chun rogha a thabhairt do na réamhscoileanna faoi eolas a roinnt. An t-aon difríocht atá eatarthu ná Cuid 1: An Cleachtóir.

Tá spás ar fáil i dTeimpléad 1 chun tuairiscí a chur ar fáil bunaithe ar cheithre théama Aistear. Tá deich n-abairt ar fáil i dTeimpléad 2 bunaithe ar gach ceann de théamaí Aistear mar aon le scála 4 phointe. Tá Cuid 2, 3 agus 4 mar an gcéanna sa dá chás.

Cabhróidh an t-ábhar seo leat chun na tuairiscí a chomhlánú.

Cabhróidh an t-ábhar seo leat chun na tuairiscí a úsáid.