Grúpaí Fócais Bunscoile

Mar chuid den chomhairliúchán, tá an CNCM ag óstáil roinnt grúpaí fócais i bpearsa agus ar líne do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile.

20 Feabhra, 2024

Grúpaí Fócais Bunscoile

Comhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Curaclaim Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus ar an bhFolláine ar siúl ó 6 Márta go 7 Meitheamh, 2024.

Beidh roinnt cruinnithe grúpa fócais ag an CNCM ag na láithreacha seo a leanas:

Ionad Oideachais Bhaile Átha Luain An 13 Márta, 3.45-5.15 i.n.
Co. an Chabháin (Cavan Crystal Hotel)
An 19 Márta, 3.45-5.15 i.n.
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar  An 20 Márta, 3.45-5.15 i.n.
Ionad Múinteoirí Phort Láirge  An 21 Márta, 3.45-5.15 i.n.
Ionad Oideachais Shligigh An 9 Aibreán, 3.45-5.15 i.n.
Ionad Oideachais Chorcaí An 10 Aibreán, 3.45-5.15 i.n.
Ionad Oideachais na Gaillimhe An 16 Aibreán, 3.45-5.15 i.n.

Beidh cruinnithe grúpaí fócais ar líne ag an CNCM freisin a bhaineann go sonrach le gach dréacht-sonraíocht curaclaim ar na dátaí seo a leanas:

Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile 17 Aibreán ag 7 i.n.
Oideachas Ealaíon (Ealaín, Ceol agus Drámaíocht)  18 Aibreán ag 7 i.n.
Folláine (Corpoideachas agus OSPS) 23 Aibreán ag 7 i.n.
Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (Stair agus Tíreolaíocht) 24 Aibreán ag 7 i.n.
Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta 25 Aibreán ag 7 i.n.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais agus conas clárú do na himeachtaí seo, tabhair cuairt ar ár leathanach comhairliúcháin.