Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí - Ábhair Thráinse 2

Tá seacht n-ábhar sa dara tráinse d'ábhair na hArdteistiméireachta atá le nuashonrú mar chuid d'athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Tabharfar isteach i scoileanna iad i mí Mheán Fómhair 2026.

13 Márta, 2024

Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí - Ábhair Thráinse 2

Tugtar Tráinse 2 ar na hábhair atá le hathfhorbairt mar chuid den dara céim d’athbhreithnithe ábhair. Is iad seo a leanas na hábhair sin: 
o    Cuntasaíocht 
o    Staidéar Foirgníochta 
o    Innealtóireacht 
o    Béarla 
o    Tíreolaíocht 
o    Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)  
o    Corpoideachas (CO). 

Déanfar sonraíochtaí nua do na hábhair seo a fhorbairt agus a thabhairt isteach i gcuraclam na sraithe sinsearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2026.
Is éard atá i gceist leis an gcéad chéim d'fhorbairt na sonraíochtaí seo ná Doiciméad Eolais agus Coimre a ullmhú. Áirítear leis an doiciméad seo:  
o    léargas ar chomhthéacs reatha an ábhair nó an chláir  
o    forbhreathnú ar bheartais ábhartha agus beartais a forbríodh le déanaí
o    breac-chuntas ar an gcuraclam reatha  
o    forbhreathnú ar ábhair nó ar réimsí curaclaim den chineál céanna i dtíortha eile. 

Mar chuid d'ullmhúchán an Doiciméad Eolais agus Coimre tabharfar cuairt ar shampla ionadaíoch de scoileanna chun léargas a fháil ar thaithí na scoile, an mhúinteora agus an scoláire ar na hábhair.

Cuirtear críoch le gach Doiciméad Eolais le réimsí atá le hathbhreithniú a shainaithint. Bíonn na réimsí á n-úsáid ag Meithleacha Forbartha CNCM, a n-oibríonn le chéile, thar shraith cruinnithe, chun dréachtsonraíocht a fhorbairt. Foilseofar an dréacht ar líne le haghaidh comhairliúcháin.  

Bunaíodh meitheal forbartha do gach ábhar Thráinse 2 agus chruinnigh na meithleacha den chéad uair ar an 27 Feabhra, 2024. 

Is féidir coinneáil ar an eolas maidir le hobair na meithleacha forbartha tríd an gcuid seo dár suíomh gréasáin agus is féidir baill na meithleacha forbartha a fheiceáil anseo