Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann

San eagrán seo de info@ncca, cuirimid beirt den fhoireann a oibríonn ar fhorbairtí curaclaim agus measúnaithe i CNCM in aithne. Cuir aithne ar a gcuid scéalta, ar a gcuid paisean, agus ar na turais a thug go dtí an áit ina bhfuil siad sa lá atá inniu ann.

13 Márta, 2024

Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann

Donna Carolan, Stiúrthóir Gníomhach, Curaclaim agus Measúnachta     

Tá Donna ina cónaí i gContae Lú ach beidh sí i gcónaí mórtasach as a dúchas i Ros Comáin. Tá Donna ina hOifigeach Oideachais le CNCM ó 2021, agus tá sí ag obair faoi láthair ar Fhorbairtí Luath-Óige agus Bunscoile. Sular tháinig sí go CNCM d’oibrigh Donna mar mhúinteoir bunscoile agus b’Ollamh Cúnta le hOideachas Luath-Óige í ag an Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Chuir Donna tús lena cuid rannpháirtíochta leis an CNCM den chéad uair in 2011 nuair a d'oibrigh sí ar fhorbairt ábhar tacaíochta agus cúrsaí forbartha gairmiúla leanúnaí ar conas a d'fhéadfadh Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige tacú leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc i ranganna naíonán i mbunscoileanna.

Cuireann Donna fáilte roimh an tsoiléireacht a chuirtear ar fáil maidir le tábhacht an tsúgartha agus tábhacht a bhaineann le cur chuige spraíúil mar a leagtar amach i gCreatchuraclam na Bunscoile. Tá sí ag tnúth le deis a bheith ag a hiníon blaiseadh a fháil de leanúnachas foghlama agus í ag aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil sna blianta atá le teacht.

Tá Dioplóma Iarchéime sa Cheannasaíocht Oideachais agus Máistreacht san Oideachas Luath-Óige ag Donna. Léirítear leis an dá cháilíocht an suim mhór atá aici san oideachas. Tá sí ar tí tabhairt faoi PhD agus beidh iniúchadh á dhéanamh aici ar an súgradh agus ar chuir chuige spraíúla i ranganna sinsir na bunscoile.

Ní hiad cúrsaí oibre agus cúrsaí staidéir amháin atá i gceist le saol Donna agus tá go leor tíortha feicthe aici a bhuí lena grá don taisteal – tá a croí istigh i Sydney agus tá sí ag súil go mór le filleadh ansin lá éigin. Faoi láthair, áfach, is iad na háiteanna atá níos gaire don bhaile agus amanna eitilte níos giorra a shocraíonn cúrsaí agus í ag taisteal le páiste óg!

John Copley, Oifigeach Oideachais
Tá John ina chónaí i gCathair Luimnigh agus is Oifigeach Oideachais é le CNCM ó 2022, ag obair ar dhréachtsonraíocht churaclam na bunscoile maidir le hOideachas Sóisialta agus Imshaoil, agus ag déanamh eagarthóireacht ar info@ncca. Roimhe seo, theagasc John i mbunscoil mhór bhruachbhailteach i Luimneach agus i Scoil Idirnáisiúnta na Breataine i gCathair Ho Chi Minh i Vítneam, áit a raibh post aige mar Chomhordaitheoir Teicneolaíochta Deartha.


Bhí baint ag John le tionscadail CNCM den chéad uair beagnach deich mbliana ó shin nuair a ghlac sé páirt i dtionscnamh píolótach den Churaclaim Chomhtháite Idirbheartach, ag féachaint ar an tábhacht a bhaineann le guth agus gníomhaireacht na bpáistí ina gcuid foghlama. Bhí sé rannpháirteach freisin sa chomhairliúchán tosaigh do Churaclam Matamaitice na Bunscoile in 2017 mar ionadaí a scoile. Tá John ag tnúth leis na forbairtí curaclaim a bheith i bhfeidhm, lena n-áirítear Aistear Nuashonraithe agus Curaclam na Bunscoile athfhorbartha. Tá sé ag súil go mór leis na deiseanna agus na heispéiris foghlama a chuirfear ar fáil dá iníon nuair a thosóidh sí ag freastal ar réamhscoil agus ar bhunscoil.


Taobh amuigh d’fhorbairtí curaclaim, tá dúil mhór ag John i bhfoghlaim leanúnach ar feadh an tsaoil agus tá Máistreacht san Oideachas aige ó Choláiste Mhuire gan Smál chomh maith le Saindioplóma sa Dlí agus san Oideachas ó Óstaí an Rí, céim a chríochnaigh sé le déanaí. Tá an t-eolas agus na scileanna a d’fhoghlaim John agus é i mbun staidéir chun na cáilíochtaí seo a bhaint amach ríthábhachtach san obair a dhéanann sé ó lá go lá i bhforbairt curaclaim.


Taobh amuigh den obair a dhéanann sé le CNCM, tá suim ag John i gcuid mhór rudaí éagsúla, go háirithe i gcúrsaí spóirt. Is galfaire díocasach é nár chaith an bhrionglóid atá aige le bheith ag imirt sa Chorn Ryder as a cheann fós (nó ar a laghad a bheith i measc an lucht féachana)  nuair a thiocfaidh an comórtas go Luimneach in 2027. Chomh maith leis sin is duine de lucht leanúna na Mumhan é agus tá an-suim aige i Rugbaí na hÉireann