An tSraith Shóisearach agus An tSraith Shinsearach OSPS

Tá obair chun an curaclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) a nuashonrú ón mbunscoil go dtí an tsraith shinsearach ag leanúint ar aghaidh. Tugadh isteach curaclam nuashonraithe OSPS na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i Meán Fómhair 2023 agus tá an comhairliúchán ar dhréachtchuraclam OSPS na Sraithe Sinsearaí ag druidim chun deiridh ar an 3 Samhain 2023.

23 Deireadh Fómhair, 2023

An tSraith Shóisearach agus An tSraith Shinsearach OSPS

Is é a d’eascair as an athbhreithniú 2018-19 ar an Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, ná gur shainaithin an CNCM an gá a bhí le nuashonrú a dhéanamh ar an gcuraclam OSPS mar phríomhthosaíocht.

Tosaíodh ar an obair nuashonraithe seo le OSPS na Sraithe Sóisearaí. Beidh scoláirí a chuir tús leis an gcéad bhliain i Meán Fómhair 2023 ag déanamh staidéar ar churaclam nuashonraithe OSPS na Sraithe Sóisearaí (2023). Tá eolas do thuismitheoirí​ agus ábhair thacaíochta do mhúinteoirí ar fáil anois.

Tá an obair nuashonraithe dírithe anois ar OSPS na Sraithe Sinsearaí. Beidh an comhairliúchán ar dhréachtchuraclam OSPS na Sraithe Sinsearaí oscailte go dtí an 3 Samhain agus mar sin tá am ann fós chun do thuairimí a roinnt trí shuirbhé nó aighneacht i scríbhinn. Is féidir leat féachaint ar an dréachtchuraclam agus na huirlisí comhairliúcháin anseo.