Forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a theastaíonn chun tabhairt go cruthaitheach faoi chur chuige bunaithe ar dhearadh i leith fadhbanna teicneolaíochta ó lá go lá a réiteach, agus aird ar an tionchar ar acmhainní nádúrtha agus ar an gcomhshaol.
I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2019 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Teicneolaíochtaí Feidhmeacha na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, cuirfear Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí d’Obair Scoláirí ar fáil. Cuirfear ar fáil iad ar www.curriculumonline.ie.
Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Theicneolaíochtaí Feidhmeacha na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2017.
Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin d’ábhair Theicneolaíochta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair Teicneolaíochta sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear, agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.