Do thuismitheoirí

Is iad na tuismitheoirí na daoine is tábhachtaí i luathshaol a gcuid páistí. Cuimsíonn Aistear go leor smaointe, moltaí agus samplaí praiticiúla ar conas is féidir le tuismitheoirí tacú le luathfhoghlaim agus luathfhorbairt a bpáistí. Tugann sé go leor eolais freisin ar conas is féidir le tuismitheoirí agus seirbhísí comhoibriú le chéile.

Forbraíodh an treoir teaghlaigh seo chun cuidiú le teaghlaigh tuiscint a fhorbairt ar an gcaoi ar féidir cuidiú a fháil in Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige d’fhoghlaim agus forbairt naíonán, lapadán agus leanaí óga i suíomhanna luath-óige.