Sonraí Oscailte agus athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí

Cloíonn an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) leis na Rialacháin ar Shonraí Oscailte agus athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí (2021) agus tacaímid le hathúsáid na faisnéise a thairgimid.

Cé is moite de lógónna, íomhánna, grianghraif, físeán agus ábhar an tríú páirtí, tá an fhaisnéis ar fad ar ár suíomh gréasáin ceadúnaithe faoin gceadúnas CC-BY 4.0. Ní ceadmhach sonraí nach dtagann faoin gceadúnas CC-BY 4.0 a athúsáid. Ní ceadmhach aon suaitheantas, lógó nó marc de chuid an Stáit, Roinn Rialtais nó comhlacht rialaithe ag dlí poiblí, a athúsáid seachas san áit go bhfuil suaitheantas, lógó, nó marc dá leithéid mar bhun-chuid den doiciméid atá á athúsáid.

Is féidir leat an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo a athúsáid gan chostas in aon fhormaid faoi réir an cheadúnais CC-BY 4.0 ach ní mór don fhaisnéis a chur i leith CNCM mar is cuí.

Is dóchúil go mbeadh aon ábhar a chuireann aon tríú páirtí ar fáil, naisc chuig suíomh gréasáin eile ón suíomh gréasáin seo san áireamh, faoi chóipcheart ag an údar. Caithfear cead cóipeála nó úsáide d’aon ábhar dá leithéid a fháil ón údar.

Caomhnaíonn an CNCM an t-eolas seo a leanas ar a suíomh gréasáin:

Mar pháirt de thiomantas CNCM don Treoir um Shonraí Oscailte, déanann ár mBeartas um Shonraí Oscailte ár gcleachtais maidir le sonraí a chur ar fáil go poiblí a rialú.

Chun níos mó eolais a fháil ar athúsáid eolais caomhnaithe ag an CNCM déan teagmháil le:
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise, CNCM, Áras ESRI, Cearnóg Whitaker, Cé Sir John Rogerson, Baile Átha Cliath 2, D02 K138, Éire.

Guthán. +353 1 661 7177
Ríomhphost: info@ncca.ie