Saoráil Faisnéise

Chomh maith lena hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) tá an CNCM tiomanta le heolas a chur ar fáil faoina gníomhaíochtaí agus seirbhísí agus le cinntiú go ndéileálfar le gach fiosrú go tráthúil. Beidh cabhair sna ceisteanna coitianta seo a leanas d’aon duine gur mian leo iarratas a dhéanamh faoin Acht um SF

C: Cad is Saoráil Faisnéise ann?

F: Foráiltear san Acht Um Saorála Faisnéise, go bhfuil na cearta dleathacha seo a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán, 1998:

  • an ceart fáil a bheith acu ar thaifid oifigiúla atá á gcoimeád ag Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile liostaithe san Acht;
  • an ceart ar fhaisnéis phearsanta fúthu féin atá á gcoimeád a bheith ceartaithe nó nuashonraithe nuair is faisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach an t-eolas sin; agus
  • an ceart cúiseanna a bheith tugtha dóibh do chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu féin.

Ciallaíonn na cearta seo go mbeidh daoine inniúil fáil a lorg ar eolas pearsanta fúthu atá coimeádta – ainneoin cathain a cruthaíodh an t-eolas – agus taifid eile a cruthaítear tar éis 21 Aibreán, 1998, a lorg ón 21 Aibreán, 1998.

C: Cad iad na taifid ar féidir a lorg?

F: Faoin Acht, beidh fáil ar na taifid seo a leanas:

  • gach taifead cruthaithe tar éis tosach feidhme an Achta an 21 Aibreán, 1998;
  • gach taifead pearsanta de chliaint, pé uair a chruthaítear iad;
  • gach taifead bhaill fhoirne a cruthaítear tar éis an 21 Aibreán, 1995, nó níos luaithe má úsáidtear go dochrach in aghaidh baill foirne; agus
  • gach taifead a chruthaítear níos luaithe má tá siad de dhíth chun taifid a cruthaíodh ina dhiaidh sin a thuiscint.

Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise (FOI)
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)

Faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, ceanglaítear ar chomhlachtaí Saorála Faisnéise a oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus inrochtana ar bhonn rialta lasmuigh de shaoráil faisnéise, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta, agus na freagrachta. Fágann seo go bhféadfaí taifid a fhoilsiú nó rochtain orthu a sholáthar lasmuigh den tsaoráil faisnéise ar choinníoll nach dtoirmisctear le dlí foilseachán den sórt sin nó rochtain a sholáthar air. Leis an scéim seo, cuirtear de cheangal ar chomhlachtaí saorála faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó i gcomhréir leis an scéim.

Féach thíos Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Le gach tábla, gabhann naisc chuig eolas ábhartha ar shuíomh gréasáin CNCM. Mura bhfuil an t-eolas atá uait ar fáil anseo, d’fhéadfadh gur mhian leat cuardach ar shuíomh gréasáin CNCM.
Cliceáil anseochun eolas a fháil faoin gcaoi le hiarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh.

C: Conas a dhéanaim Iarratas ar Shaoráil Faisnéise chuig an gComhairle?

F: Is féidir iarratas scríofa a sheoladh chuig:

Oifigeach Saorála Faisnéise
Foirgneamh ESRI,
Cearnóg Whitaker,
Cé Sir John Rogerson,
Baile Átha Cliath 2,
D02 K138,
Éire.

Guthán: +353 1 661 7177

foi@ncca.ie

 Ba cheart go n‑aireofaí an méid seo a leanas i d’iarratas:

  • ráiteas go ndéantar an t-iarratas faoin Acht um SF;
  • dá mhéid eolais agus gur féidir faoi na taifid atá á lorg; agus
  • sonraíocht i dtaca leis an bhfoirm ina lorgaítear na cóipeanna atá á iarradh.


Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar fáil i gcóip chrua ó Oifig Dhíolacháin Foilseachán an Rialtais.

Log Nochtaithe de chuid CNCM maidir le hIarratais Neamhphearsanta faoi Shaoráil Faisnéise ó 2014 go dtí an lá atá inniu ann
Cliceáil ar an nasc thíos chun teacht ar an bhfaisnéis seo

Log Nochtaithe de chuid CNCM maidir le hIarratais Neamhphearsanta faoi Shaoráil Faisnéise ó 2014 go-2022

Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (AIE)

Tugtar le Rialacháin (AIE) na gComhphobal Eorpach 2007 go 2011 (I.R. Uimh. 133 de 2007 agus I.R. Uimh. 662 de 2011) (dá dtagraítear mar Rialacháin AIE anseo feasta), cearta dlíthiúla dóibh siúd a bhfuil rochtain á lorg acu ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol ó údaráis phoiblí.
Faoi na rialacháin seo, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá á coinneáil ag údarás poiblí, nó don údarás sin, a chur ar fáil ar iarratas, faoi réir eisceachtaí áirithe.

Soláthraítear le Rialacháin AIE sainmhíniú ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol; leagtar amach iontu an bealach inar féidir le hiarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí agus ar an mbealach a gceanglaítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais.

Conas iarratas AIE a dhéanamh

Agus iarratas ar fhaisnéis á dhéanamh agat faoi Rialacháin AIE, is gá duit: a lua go bhfuil an t‑iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin AIE agus é a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach;
do shonraí teagmhála a thabhairt;
a lua, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis atá uait maidir leis an gcomhshaol, agus
má theastaíonn faisnéis uait i bhformáid nó ar bhealach rochtana ar leith, ba cheart é seo a lua go sonrach i d’iarratas.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ba cheart duit d’iarratas ar fhaisnéis faoi Rialacháin AIE a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Oifigeach Saorála Faisnéise, CNCM, Foirgneamh ESRI, Cearnóg Whitaker, Cé Sir John Rogerson, Baile Átha Cliath 2, D02 K138, Éire.

nó trí ríomhphost chuig: foi@ncca.ie

Naisc Ghaolmhara