In Éirinn, baineann oideachas luath-óige leis an tréimhse ó bhreith go sé bliana d'aois.
Is é Aistear creatchuraclam na luath-óige in Éirinn. Tá sé mar aidhm aige tacú le foghlaim agus forbairt naíonáin, lapadáin agus leanaí óga thar réimse suíomhanna ar a bhfreastalaíonn siad sula dtosaíonn siad sa bhunscoil nó sa scoil speisialta. Áirítear anseo bailte, feighlithe leanaí, réamhscoileanna, naíonraí agus cúram lae lánaimseartha agus páirtaimseartha.